Beartas teanga
Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.
Na teangacha ina bhfoilsítear cineálacha éagsúla eolais ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún
- Struchtúr na nascleanúna ar an suíomh gréasáin: i dteangacha oifigiúla an Aontais.
- Eolas ginearálta: i dteangacha oifigiúla an Aontais de réir mar a bheidh aistriúchán le fáil air.
- Doiciméid oifigiúla, doiciméid a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo, eolas agus doiciméid faoi na seisiúin iomlánacha: i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
- Eolas atá práinneach nó a bhfuil saolré ghearr aige (nuacht, imeachtaí, etc.): ní fhoilsítear é i ngach teanga. Braitheann rogha na teanga / na dteangacha orthu siúd ar a bhfuil an t-eolas dírithe.
- Eolas speisialaithe (eolas teicniúil, obair idir lámha, glaonna ar thairiscintí): i mBéarla den chuid is mó.
- Eolas spriocdhírithe náisiúnta agus réigiúnach (An Eoraip i mo Réigiún): i dteanga na tíre.
- Foirmeacha teagmhála agus freagraí ar do theachtaireachtaí: is féidir iad a chur isteach in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus tabharfar freagraí orthu sa teanga chéanna, más féidir. Iarrtar ort freisin teanga eile (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis) a roghnú d’fhonn freagra tapa a chinntiú.
An bhfuil ionadh ort nach bhfuil eolas áirithe ar fáil i do theanga féin?
Uaireanta cuireann sé ionadh ar dhaoine a théann ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún nach bhfuil leathanach áirithe le fáil ina dteanga féin. Go hiondúil, bíonn na teangacha atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste ag brath ar na srianta seo a leanas:
- tábhacht (dhlíthiúil) – ní mor teacht a bheith ag an bpobal ar na doiciméid oifigiúla ar fad, agus mar sin cuirtear ar fáil iad sna teangacha oifigiúla uile. I gcás doiciméid eile, ní aistrítear iad ach amháin go dtí na teangacha sin a bhfuil gá leo (cuir i gcás, chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis náisiúnta, eagraíochtaí náisiúnta nó daoine aonair);
- práinn – ní mór cineálacha áirithe eolais a fhoilsiú go tapa toisc baint a bheith acu lena bhfuil ag tarlú ag an am sin. Toisc go dtógann an t-aistriúchán roinnt mhaith ama, is fearr linn ábhar a fhoilsiú go tapa sna teangacha a thuigeann an líon is mó Eorpach, seachas a bheith ag feitheamh ar aistriúchán go dtí gach teanga;
- cost-éifeachtacht – i gcás leathanaigh ríspeisialaithe nach bhféachann ach líon fíorbheag daoine orthu, is é an príomhchúram atá orainn a chinntiú go dtuigfidh formhór na ndaoine éirim an eolais sin agus airgead a spáráil ar na cáiníocóirí ag an am céanna;
- srianta teicniúla – tá sé thar a bheith casta suíomh gréasáin atá ar fáil i níos mó ná 20 teanga a bhainistiú, agus teastaíonn a lán acmhainní daonna agus airgeadais chuige sin;
- aistriúchán – níl (rochtain) againn ach (ar) líon teoranta aistritheoirí agus níl ach buiséad teoranta againn le haghaidh an aistriúcháin (airgead na gcáiníocóirí a íocann as sin).
Ar líon áirithe leathanach, áfach, is féidir leat meaisínaistriúchán uathoibríoch a iarraidh tríd an tSeirbhís eTranslation de chuid an Choimisiúin Eorpaigh:
- Tabharfaidh an meaisínaistriúchán tuiscint gharbh duit ar ábhar an téacs i dteanga a thuigeann tú. Ba cheart a choinneáil i gcuimhne, áfach, nach mbíonn aon lámh ag an duine ina leithéid sin d’aistriúchán agus go bhféadfadh cáilíocht agus cruinneas an mheaisínaistriúcháin a bheith an-éagsúil ó théacs go chéile agus ó phéire teangacha go chéile.
Ba mhór againn aiseolas a fháil uait faoi aon mheaisínaistriúchán a d’iarr tú! Is féidir an t-aiseolas a chur chugainn anseo.
Sonraí pearsanta a chosaint
Gabhann Coiste Eorpach na Réigiún air féin sonraí pearsanta a chosaint le linn dó na cúraimí atá air a chomhlíonadh agus seirbhísí a sholáthar.
Ceart bunúsach is ea cosaint sonraí pearsanta agus tá sé cumhdaithe in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon.
Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 na rialacha maidir le cosaint sonraí in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le hachoimre a thabhairt ar na prionsabail dlí maidir le próiseáil sonraí pearsanta, leagtar amach ann cearta na n-ábhar sonraí (daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil), oibleagáidí na rialaitheoirí sonraí agus an ról atá ag an Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS).
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí (daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil) rochtain a iarraidh ar a sonraí pearsanta, saor in aisce agus gan srian. Tá sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí nó go léirscriosfaí a sonraí pearsanta nó go gcuirfí srian ar phróiseáil na sonraí sin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí freisin agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a sonraí pearsanta.
Nuair is infheidhme, tá sé de cheart ag ábhair sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leo a cuireadh chuig an rialaitheoir a fháil, sin nó a iarraidh go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a chur go díreach chuig rialaitheoir eile (iniomparthacht sonraí). Tá sé de cheart acu freisin toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcásanna ina ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbunús dlí sin.
Is iad na rialaitheoirí tarmligthe (eintitis eagraíochtúla an rialaitheora, is é sin Coiste Eorpach na Réigiún) a chinneann cuspóir agus modhanna na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta agus a chinntíonn go bpróiseálfar sonraí pearsanta chun críoch dlisteanach a shaineofar go soiléir agus chun na gcríoch sin amháin, agus go bpróiseálfar iad ar bhealach cóir agus dleathach agus ar shlí atá slán. Tá sé de chúram orthu freisin a chinntiú go mbeidh na sonraí cruinn, iomchuí, ábhartha agus nach mbeidh siad iomarcach, agus nach gcoimeádfar iad níos faide ná mar is gá. Ina theannta sin, ní foláir do na rialaitheoirí tarmligthe na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar sonraí dá gcuid a phróiseáil agus a chinntiú nach ndéanfar sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe go dtí go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm.
Is é ról an Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS) a chinntiú, ar bhealach neamhspleách, go gcuirfear na rialacha cosanta sonraí i bhfeidhm mar is ceart laistigh de Choiste Eorpach na Réigiún. Is iad na cúraimí atá ar an OCS eolas a thabhairt don rialaitheoir, do na rialaitheoirí tarmligthe agus don phróiseálaí chomh maith le comhairle a chur orthu, oibriú i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí.
Cad iad na sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gCoiste Eorpach na Réigiún?
Baineann formhór na sonraí pearsanta a phróiseálann Coiste Eorpach na Réigiún le comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí an Choiste agus leis na baill foirne.
Ní gnách sonraí pearsanta na saoránach a phróiseáil ach amháin nuair a thugann siad cuairt ar Choiste Eorpach na Réigiún, nuair a chláraíonn siad le haghaidh imeachta, nuair a chuireann siad iarratas isteach nó nuair a chláraíonn siad le ríomhsheirbhís, cuir i gcás:
- seirbhísí cumarsáide idirghníomhacha a chuireann feabhas ar an teagmháil a dhéantar leis an bpobal, le gnólachtaí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí poiblí, rud a éascaíonn an próiseas comhairliúcháin beartas, agus an chaoi le haiseolas a thabhairt, chun cabhrú le beartais, gníomhaíochtaí agus seirbhísí an Aontais a mhúnlú;
- seirbhísí a thugann rochtain ar na cineálacha teagmhála is coitianta a dhéantar leis an Aontas Eorpach, amhail soláthar poiblí, idirbhearta airgeadais, earcaíocht, clárú imeachtaí, doiciméid a fháil nó a cheannach, etc.
Chun eolas beacht a fháil faoi phróiseáil sonraí pearsanta ar leith, ba cheart an Fógra Cosanta Sonraí ábhartha a léamh.
Má tá aon cheist agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an tseirbhís ábhartha atá i gceannas ar phróiseáil sonraí pearsanta (an rialaitheoir tarmligthe) mar a thugtar le fios san Fhógra Cosanta Sonraí ábhartha nó leis an OCS sa Choiste (data.protection@cor.europa.eu). Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin.
Beartas modhnóireachta i ndáil leis na meáin shóisialta
Táimid ar na meáin shóisialta!
An t-ardán atá ag Coiste Eorpach na Réigiún, is amhlaidh atá sé dírithe ar réigiúin agus ar chathracha san Aontas Eorpach agus bíonn an Coiste gníomhach ar na meáin shóisialta, mar shampla Facebook, X, LinkedIn, Instagram agus YouTube. Fáiltímid roimh gach dearcadh polaitiúil, tuairim agus smaoineamh, agus ba bhreá linn dá nglacfá páirt sa phlé ar líne linn. Ná bíodh aon leisce ort trácht a fhágáil agus ár n-ábhar a scaipeadh.
Prionsabail
Iarraimid ort cloí le bunphrionsabail na dea-iompraíochta. Ní ghlacaimid le barúlacha maslacha ná le teanga mhaslach ná mhíchuí. Iarraimid ort meas a léiriú d’úsáideoirí eile agus do na prionsabail bhunúsacha atá i gcoiteann againn. Níl aon ghlacadh againn leis an gciníochas, leis an tseineafóibe, ná le hidirdhealú bunaithe ar reiligiún, ar bhunadh eitneach, ar inscne ná ar ghnéaschlaonadh. Ní ghlacaimid le haon ghríosú chun foréigin ná chun fuathchainte. De réir ár gcuid rialacha tá cosc freisin ar thuairimí atá clúmhillteach, neamhdhleathach nó a sháraíonn cóipcheart. Scriosfaimid tuairimí den chineál sin agus is féidir linn toirmeasc a chur ar úsáideoirí a bhaineann úsáid arís agus arís eile as teanga mhaslach, chomh maith le daoine a dhéanann pearsanú ar phearsana poiblí nó a úsáideann cuntais bhréige. Forchoimeádaimid an ceart postálacha atá ró-athráiteach, an-fhada nó a chuireann isteach ar an bpobal, chomh maith le fógraí gan iarraidh, a scriosadh. Molaimid duit tuairimí a phostáil a chloíonn leis an ábhar agus a chuireann leis na díospóireachtaí atá ar siúl faoi láthair.
Bainistiú
Is é an tAonad um na Meáin Shóisialta agus Dhigiteacha agus Foilseacháin i gCoiste Eorpach na Réigiún atá freagrach as na hardáin sin, agus faigheann an tAonad tacaíocht maidir le hábhair áirithe ó chomhghleacaithe i ranna eile. Ní léiriú iad na cuntais a leanaimid go dtacaímid leis na cuntais sin ná leis an ábhar a scaipeann siad. Úsáidimid roinnt haischlibeanna (#) nua nó reatha chun páirt a ghlacadh i gcomhráite grúpaí agus le go mbeimid in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ábhartha. Mar sin féin, ní sinne atá freagrach as aon ábhar nár fhorbraíomar féin atá luaite faoi na haischlibeanna sin.
Aon bhotúin a chuirtear in iúl dúinn, déantar gach iarracht iad a cheartú. Ní sinne atá freagrach as ábhar ná as gníomhaíochtaí aon tríú páirtí nó aon suíomhanna seachtracha.
Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt a thapa agus is féidir ar an oiread sin ceisteanna agus is féidir. Ar fágadh do cheistse ar lár? Má fágadh, cuir sin in iúl dúinn ag an seoladh ríomhphoist thíos.
Grianghraif
Mura dtugtar a mhalairt le fios, tá gach aon ghrianghraf a fhoilsítear ar ár gcainéil faoi chóipcheart an Aontais Eorpaigh. Is féidir grianghraif a ngabhann an lipéad ©An tAontas Eorpach leo a úsáid gan srian ar choinníoll go ndéantar an fhoinse a thabhairt le fios. Ní cheadaítear iad a úsáid chun críoch tráchtála ná go maslach. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil an t-ábhar ar fad a phostáiltear ar ár gcainéil i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Má cheapann tú, áfach, gur sáraíodh do chearta príobháideachais nó do chearta maoine intleachtúla, ba cheart ríomhphost a sheoladh chugainn.
Sonraí pearsanta
Is chun críoch staidrimh a dhéanaimid sonraí comhiomlánaithe faoinár n-úsáideoirí a bhailiú ar ardáin na meán sóisialta. Bainimid leas as Talkwalker chun sonraí comhiomlánaithe a bhailiú agus a amharcléiriú le haghaidh taighde staitistiúil; ar a shon sin, ní dhéanaimid sonraí pearsanta ár lucht leanúna a phróiseáil i gcás ar bith. Tá bailiú na sonraí cumhdaithe faoi na téarmaí úsáide agus faoin gcomhaontú ceadúnais atá ag gach aon cheann de na hardáin meán sóisialta faoi seach.
Má tá tuilleadh ceisteanna agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le:
socialmedia@cor.europa.eu
An nuashonrú is déanaí: Meitheamh 2019
Cóipcheart
© An tAontas Eorpach, 1995-2024
Mura dtugtar a mhalairt le fios (e.g. le fógra cóipchirt), an t-ábhar atá faoi úinéireacht an Aontais ar an suíomh gréasáin seo, is amhlaidh atá sé faoi cheadúnas de chuid Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Is éard a chiallaíonn sin go bhfuil sé ceadaithe ábhar a athúsáid ar choinníoll go dtugtar an chreidiúint chuí ina leith agus go dtugtar le fios gach athrú dá ndearnadh.
Maidir le cead úsáide agus atáirgthe eilimintí nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais Eorpaigh, ní mór an cead sin a iarraidh ar úinéir an chóipchirt. Dá réir sin, ní mór duit cearta breise a imréiteach má tá saothar atá faoi chóipcheart tríú páirtí san áireamh in ábhar ar leith. I gcás ina bhfaightear cead, cuirfear an cead ginearálta thuasluaite ar ceal, cuirfear an cead nua in ionad an cheada ghinearálta agus tabharfar le fios go soiléir ann cé na srianta atá ar an úsáid.
Séanadh
Déanann Coiste Eorpach na Réigiún cothabháil ar an suíomh gréasáin seo chun an teacht a bhíonn ag an bpobal ar eolas faoi thionscnaimh an Choiste agus faoi bheartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne a fheabhsú. Is é an cuspóir atá againn go mbeadh an t-eolas sin cruinn agus go gcuirfí ar fáil é go caoithiúil. Aon bhotúin a chuirtear in iúl dúinn, déantar gach iarracht iad a cheartú.
Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún freagracht ar bith ná dliteanas ar bith i leith an eolais atá ar an suíomh seo, áfach.
Maidir leis an eolas sin:
- is de chineál ginearálta amháin é agus níl sé i gceist leis go dtabharfaí aghaidh ar chúinsí sonracha duine ar leith ná eintitis ar leith;
- ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
- bíonn nasc idir é, uaireanta, agus suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an gCoiste orthu agus nach é an Coiste féin atá freagrach astu;
- ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá ann (más comhairle shonrach atá uait, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).
Tabhair faoi deara i gcás doiciméad atá ar fáil ar líne nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn é de théacs a glacadh go hoifigiúil. Is í reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá barántúil.
Tá sé mar aidhm againn an cur isteach a tharlaíonn de bharr earráidí teicniúla a laghdú oiread agus is féidir. D’fhéadfadh sé tarlú go gcruthófaí roinnt sonraí nó roinnt eolais ar ár suíomh, áfach, nó go ndéanfaí struchtúrú orthu, i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus nach féidir linn a ráthú, dá bhrí sin, nach gcuirfeadh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís ná nach gcuirfí as di ar dhóigh eile. Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún aon fhreagracht air féin i leith fadhbanna den sórt sin a tharlódh mar thoradh ar an suíomh seo a úsáid nó mar thoradh ar shuíomhanna seachtracha a bhfuil nasc ar an suíomh seo leo a úsáid.
Níl sé i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur le dliteanas Choiste Eorpach na Réigiún, de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná dliteanas an Choiste a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.