Cumarsáid Choiste na Réigiún: saoránaigh a athcheangal leis an Eoraip 

Ábhar


Tá sé mar aidhm ag Coiste na Réigiún (an Coiste) muinín na saoránach as an Aontas Eorpach a athbhunú.  Tá an Coiste comhdhéanta de chomhaltaí a toghadh go réigiúnach agus go háitiúil, agus mar sin tá ról dlisteanach aige – mar aon leis na hinstitiúidí eile AE – maidir lena sciar féin den fhreagracht a ghlacadh as an gcúram seo.  Chuige sin, ghlac an Coiste straitéis cumarsáide cúig bliana don tréimhse 2015-2020, ina leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige cumarsáide oscailte, dhá bhealach, rannpháirteach, ar a bhfuil comhordú níos fearr, chun saoránaigh a athcheangal leis an Eoraip.

Tá ról lárnach ag baill an Choiste i straitéis cumarsáide an Choiste agus sa chumarsáid Eorpach. Tá siad freagrach as faisnéis agus ráitis a sholáthar a léiríonn an dearcadh áitiúil ag leibhéal AE agus, ag an am céanna, is iad na héascaitheoirí is tábhachtaí do theachtaireachtaí institiúideacha an Choiste atá dírithe ar shaoránaigh agus ar institiúidí AE.

Is féidir leis an gCoiste breisluach a chur leis trí ghníomhaíochtaí cumarsáide atá dírithe ar an dá spriocghrúpa is mó: na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus institiúidí AE. Thairis sin, bainfidh an Coiste úsáid as a shocruithe (na cinn atá ann cheana agus cinn nua) le hinstitiúidí eile AE, mar shampla trí chomhoibriú le seirbhísí cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh. 

Má tá breis eolais uait, féach Straitéis Cumarsáide an Choiste 2015-2020, a chuirfear chun feidhme trí phleananna Cumarsáide bliantúla ina leagfar síos líon teoranta de thosaíochtaí téamacha.

Cé go raibh Plean cumarsáide 2016 dírithe ar bhorradh a chur faoin bhfostaíocht, fás agus infheistíocht, agus go raibh béim ar an ngné chríochach de bhuiséad AE agus ar thacaíocht a thabhairt don chobhsaíocht dhomhanda trí chomhoibriú réigiúnach agus áitiúil, i bPlean cumarsáide 2017 moltar go leanfar de na hiarrachtaí a tosaíodh in 2016 agus machnamh breise a dhéanamh ar conas muinín as an AE a atógáil.

Má tá ceist ar bith agat, déan teagmháil linn ag communication@cor.europa.eu

Doiciméid

Final Evaluation Report of the 2015-2020 Communication Strategy of the European Committee of the Regions

Roinn:
 
Back to top