Cé hiad na daoine ar cheart dóibh iarratas a dhéanamh agus cén chaoi?
Tá an Líonra dírithe ar pholaiteoirí réigiúnacha agus áitiúla ar ionadaithe tofa iad i rialtas, i bparlaimint nó i dtionól réigiúin, cathrach, baile, cúige, bardais nó sráidbhaile. Trí iarratas a dhéanamh ar an Líonra, deimhníonn polaiteoirí gur thogh a dtionól féin iad chun ionadaíocht a dhéanamh ar a dtoghlach. Is féidir le polaiteoir amháin nó roinnt polaiteoirí ón tionól céanna a cheapadh, ar a dtabharfar 'Comhalta de Líonra CnaR de Chomhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla um Ghnóthaí AE' ar feadh thréimhse a sainordaithe.
Is tionscadal deonach ón mbun aníos é an Líonra. Níl aon phróiseas roghnúcháin ann, bíonn gach polaiteoir cláraithe mar chuid den Líonra.
Cad a chuireann an Líonra ar fáil?
Cuireann an Coiste na nithe seo a leanas ar fáil do chomhaltaí an Líonra:
- faisnéis shonrach trí nuachtlitreacha, faisnéisithe, leathanach gréasáin tiomnaithe ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún agus tríd an ngrúpa príobháideach ar an ardán Futurium 'Comhairleoirí AE de chuid CnaR' a bheidh mar phríomhfhóram faisnéise agus imeachtaí;
- cuirí chuig imeachtaí de chuid CnaR, naisc chuig díospóireachtaí polaitiúla in CnaR;
- malartuithe agus líonrú le comhaltaí/malartaigh CnaR agus le Comhairleoirí AE eile.
Níl tacaíocht airgeadais ó CnaR san áireamh sa Líonra.
Conas is féidir le Comhairleoirí an Aontais Eorpaigh oibriú i gcomhar le CnaR?
Féadfaidh siad rannchuidiú go gníomhach le gníomhaíochtaí an Choiste, lena n-áirítear, mar shampla, imeachtaí a bhaineann leis an Aontas a reáchtáil ina gComhairlí áitiúla agus réigiúnacha, díospóireachtaí a eagrú leis na saoránaigh, páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin agus i suirbhéanna de chuid CnaR agus imeachtaí amhail Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil nó Cruinnithe Mullaigh Eorpacha rialta CnaR. Ina theannta sin, is féidir le comhaltaí den Líonra dul i dteagmháil le lucht riaracháin CnaR ina dteanga féin chun ceisteanna a chur, ábhar a iarraidh nó cuidiú le heagrú imeachtaí. Is féidir le Comhairleoirí AE teagmháil a dhéanamh freisin le comhaltaí CnaR óna réigiún nó óna mBallstát chun ceist a chur faoin obair atá ar bun faoi láthair i gCoiste Eorpach na Réigiún nó ina réigiún féin. Is féidir le Feisirí cinneadh a dhéanamh a bheith ina meantóirí do Chomhairleoirí AE.
Futurium
Is ardán ar líne de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é Futurium a chuireann spásanna idirghníomhaíochta ar fáil (do ghrúpaí nó do phobail) inar féidir le comhaltaí ábhair a phostáil agus tuairimí a thabhairt fúthu, agus doiciméid, íomhánna, físeáin agus imeachtaí a roinnt. Comhéadan ilteangach atá ann lena gcuirtear uirlis aistriúcháin ar fáil ar an toirt a ligeann do gach duine an t-ábhar a léamh agus iad féin a chur in iúl ina dteanga féin (teanga oifigiúil de chuid an Aontais).
Cé gur féidir le duine ar bith teacht ar Futurium, tá cuntas EU Login de dhíth le bheith páirteach i bpobal. Sular féidir le húsáideoir postáil i ngrúpa, ba cheart dó nó di a bheith ina bhall nó ina ball den ghrúpa. I ngrúpaí poiblí (https://futurium.ec.europa.eu/en/digital-compass), is féidir le duine ar bith an méid a phostáiltear a fheiceáil agus a léamh ach is iad baill an ghrúpa agus iadsan amháin atá in ann tuairimí a nochtadh nó ábhar a chruthú. I ngrúpaí príobháideacha, is iad na baill amháin atá in ann idirghníomhú agus an méid a phostáiltear a fheiceáil.
Tá Comhairleoirí an AE bunaithe mar ghrúpa príobháideach, arna roinnt le treoirthionscadal an Choimisiúin Eorpaigh Building Europe with Local Councillors (An Eoraip a Thógáil le Comhairleoirí Áitiúla), áit ar féidir le riarthóirí CnaR agus CE nuacht, imeachtaí, máistir-ranganna, faisnéisithe agus doiciméid úsáideacha a phostáil.
Áirítear ann an foghrúpa príobháideach 'Comhairleoirí AE de chuid CnaR' inar féidir le Comhairleoirí ábhair a phostáil agus a dtuairimí a nochtadh ina leith. Is féidir leo a gcuid imeachtaí féin, nuacht, doiciméid, dea-chleachtais, grianghraif nó naisc físe a phostáil. Chun cuireadh a fháil páirt a ghlacadh sa ghrúpa seo ar Futurium, ní mór do dhuine a bheith ina pholaiteoir nó ina polaiteoir tofa ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach agus a bheith ina chomhalta nó ina comhalta cláraithe den ghrúpa 'Comhairleoirí AE de chuid CnaR'.