Lárionad Doiciméadúcháin  

Má tá eolas de dhíth ort faoin Eoraip ó thaobh na cosmhuintire de, is i Lárionad Doiciméadúcháin Choiste Eorpach na Réigiún, thar aon áit eile, a gheobhaidh tú an t-eolas sin.
Ábhar

Na seirbhísí a chuirimid ar fáil

  • Rochtain éasca ar uirlis chuardaigh ar líne na leabharlainne, Good Reading for You (GOORFY), a chuireann na nithe seo a leanas ar fáil duit:
    • na mílte leabhar agus ríomhleabhar, tréimhseachán agus nuachtán i bhformáid leictreonach nó páipéir;
    • na bunachair sonraí is nua-aimseartha ina bhfaightear nuashonruithe ar an toirt faoi ghnóthaí an Aontais Eorpaigh agus faoi ghnóthaí áitiúla agus eachtracha.
  • Tá spás ilmheán geal, fairsing agus lánfheistithe ar fáil agat, ina bhfuil ríomhairí pearsanta, táibléid, nasc Wifi, saoráidí le haghaidh Skype agus printéirí
  • Ina theannta sin, tá leabharlannaí ann a chuideoidh leat agus tú i mbun cuardaigh.
  • Imeachtaí agus díospóireachtaí sa leabharlann.

Cé dó an Lárionad?

  • Aon duine a bhfuil suim aige i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh ón taobh áitiúil de, cuir i gcás speisialtóirí, taighdeoirí nó mic léinn ollscoile
  • Comhaltaí Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, oifigí réigiúnacha, baill foirne agus oiliúnaithe an Aontais Eorpaigh.

I gcás cuairteoirí seachtracha, is sa lárionad doiciméadúcháin, agus san áit sin amháin, is féidir leo saothair a cheadú toisc nach bhfuil cead acu foilseacháin a fháil ar iasacht. Rud eile, sula dtabharfaidh siad cuairt ar an leabharlann, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh linn.

 ​

 

Eolas praiticiúil
Cuir ríomhphost chugainn (Is maith linn scéala a fháil uait!)
Teil. +32 (0)2 546 81 95

Uaireanta oscailte
Dé Luain go Déardaoin: ó 9 a.m. go 12.30 p.m. agus ó 1.30 p.m. go 5.00 p.m.
Dé hAoine: ó 9 a.m. go 12.30 p.m

Seoladh
101 Rue Belliard - An chéad urlár
B-1040 An Bhruiséil

Iompar poiblí
Stadanna meitreo: Maelbeek nó Schuman (línte 1 agus 5). Stad bus: Parc Léopold


 

Pointe Teagmhála

+32 (0) 2 546 81 95
Roinn :
 
Back to top