Cód Iompair do Chomhaltaí CnaR  

Le linn an 137ú seisiún dá Thionól Iomlánach an 5 Nollaig 2019, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) Cód Iompair dá Chomhaltaí. Foilsíodh an Cód sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tá sé ina cheangal ar CnaR.

Ábhar

Tá Cód Iompair CnaR bunaithe ar chóid chomhchosúla atá i bhfeidhm cheana in institiúidí eile de chuid an Aontais ach cuirtear san áireamh ann freisin sainiúlachtaí CnaR, mar atá, ní íoctar luach saothair le comhaltaí CnaR agus bíonn sainordú toghchánach réigiúnach nó áitiúil acu nó bíonn siad freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

Is iad na heilimintí seo a leanas, den chuid is mó, a áirítear i gCód Iompair CnaR:

  • Oibleagáid a bheith ar na comhaltaí na dualgais a shannfar dóibh a fheidhmiú le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas, trédhearcacht, dínit agus urraim don éagsúlacht.
  • Rialacha chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar na comhaltaí nasc a sheoladh chuig CnaR go dtí an dearbhú poiblí maidir le leasanna airgeadais, a thíolaic siad cheana ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta nó, in éagmais an dearbhaithe sin, dearbhú a thíolacadh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an gCód. Sa dá chás sin, foilsíonn CnaR an fhaisnéis a cuireadh chuige.
  • Srianta maidir le glacadh le bronntanais nó sochair: níor cheart do na comhaltaí bronntanais nó sochair a ghlacadh a bhfuil luach níos mó ná EUR 100 acu; más rud é go bhfuil a luach os cionn na tairsí sin, ní féidir leis na comhaltaí glacadh leo ach amháin má thugann siad uathu don institiúid iad.
  • Rialacha arb é is aidhm dóibh a chinntiú go ndéanfaidh na comhaltaí iad féin a iompar ar bhealach iomchuí agus le meas i leith na gcomhaltaí eile agus na mball foirne. Corpraítear sa Chód na sainmhínithe ar chiapadh síceolaíoch agus ar ghnéaschiapadh a leagtar síos sna Rialacháin Foirne (a bhfuil feidhm acu maidir le baill foirne).
  • Maidir lena fhorfheidhmiú, leagtar síos sa Chód nós imeachta i gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta ar fhorálacha an Chóid, mar aon le roinnt smachtbhannaí chun a áirithiú go n-urramófar é. Is é an tUachtarán, le cúnamh ón Ardrúnaí, a dhéanann an cinneadh deiridh, tar éis dó éisteacht a thabhairt don chomhalta lena mbaineann. I gcás ina líomhnaíonn ball foirne go ndearna comhalta CnaR ciapadh air, tá nós imeachta i bhfad níos mionsonraithe ann sa chás sin, i bhfianaise a thromchúisí atá an cion a d'fhéadfadh a bheith i gceist, agus áirítear leis sin fiosrúchán ón mBord Comhairleach maidir le Ciapadh.

Tá comhaltaí CnaR faoi réir Airteagal 300 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh freisin, faoina gceanglaítear orthu a ndualgais a chomhlíonadh go neamhspleách agus ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais.

Roinn :
 
Back to top