Fearacht an Uachtaráin, tá téarma dhá bhliain go leith ag an mBiúró.
Is léiriú é an Biúró ar an iolrachas polaitiúil atá i réim laistigh
de Choiste na Réigiún. Tá sé comhdhéanta de na daoine seo a leanas:
Tá trí shuíochán in aghaidh an Bhallstáit ag an bhFrainc, an
Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn agus an Spáinn. Tá dhá shuíochán
in aghaidh an Bhallstáit ag an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an
Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig,
an Ungáir, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír, an Phortaingéil, an
Rómáin, an tSlóvaic agus an tSualainn. Tá suíochán amháin in
aghaidh an Bhallstáit ag an gCipir, an Eastóin, an Laitvia,
Lucsamburg, Málta agus an tSlóivéin.
Cad iad na cúraimí atá ag an mBiúró?
Is iad príomhchúraimí an Bhiúró cur chun feidhme chlár
polaitiúil an Choiste a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh
air, chomh maith le hobair an tionóil iomlánaigh agus na
gcoimisiún a chomhordú.