Tionchar obair Choiste na Réigiún ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
Is é is aidhm le hobair pholaitiúil Choiste na Réigiún ná tionchar na réigiún agus na n-údarás áitiúil san Eoraip a mhéadú.
Ní féidir an tionchar a bhíonn ag mórán de na tuairimí a mheas ach amháin sna blianta tar éis a nglactha, nuair a bhíonn dóthain dul chun cinn déanta sa phróiseas reachtach.
I gcaitheamh an ama sin, cuirtear tuarascálacha tionchair i dtoll a chéile, agus leas á bhaint as na hacmhainní seo a leanas chuige sin:
- Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach maidir lena obair leantach ar thuairimí Choiste na Réigiún
- Bileoga measúnaithe tionchair Choiste na Réigiún ina ndéantar achoimre ar thionchar polaitiúil na dtuairimí ar dhoiciméid ón gCoimisiún Eorpach, doiciméid ó Pharlaimint na hEorpa agus doiciméid ón gComhairle
- Monatóireacht ar thionchar na dtuairimí ar na Meáin, arna déanamh ag preasoifig Choiste na Réigiún
- Na 150 imeacht bliantúil, ar an meán, a bhaineann le tuairimí, arna n-eagrú ag Coiste na Réigiún, cuireann siad leis an tionchar a bhíonn ag na tuairimí agus ag na rúin ó Choiste na Réigiún ar phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh.