Is é is aidhm leis na Measúnuithe Tionchair Chríochaigh (TIAnna) ná anailís ar an tionchar críochach a d'fhéadfadh a theacht as tograí reachtacha AE a chur ar fáil do rapóirtéirí Choiste na Réigiún.
De thoradh na Tuairime maidir le "Measúnú tionchair chríochaigh" a eisíodh in 2013, tá sé beartaithe ag an gCoiste TIAnna a chur chun cinn mar uirlis le haghaidh ceapadh beartais níos fearr san Aontas chun tionchar críochach féideartha na dtograí beartais agus na dtograí reachtacha a chur san áireamh. Atreisíodh an sprioc sin a thuilleadh le Straitéis Athnuaite um Measúnú Tionchair Chríochaigh 2015.
Is í rúnaíocht COTER i ndlúthchomhar le rúnaíochtaí eile de chuid na gcoimisiún a bhainistíonn gníomhaíochtaí TIA Choiste na Réigiún.