Tá an Coimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (Coimisiún CIVEX) freagrach as obair Choiste na Réigiún a chomhordú maidir le saincheisteanna bunreachtúla agus institiúideacha. Áirítear ar na saincheisteanna sin todhchaí na hEorpa, daonlathas áitiúil agus dílárú, coimhdeacht ghníomhach agus reachtóireacht níos fearr. Cuimsítear san obair sin freisin ábhair a bhaineann le limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, cuir i gcás imirce agus lánpháirtiú, cearta agus saoirsí bunúsacha agus saoránacht ghníomhach Tá baint ag Coimisiún CIVEX freisin le gné sheachtrach an Aontais, mar a ndíríonn sé ar an méadú, ar thíortha comharsanachta agus ar chomhar um fhorbairt ar bhonn áitiúil agus réigiúnach.