Eolas faoi ENVE
Tá an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) freagrach as na hacmhainní agus na hionstraimí is gá a ullmhú agus a chur ar fáil don Choiste le go bhféadfaidh sé a ról comhairleach a fheidhmiú go hiomlán i bpróiseas reachtach agus polaitiúil an Aontais.
Tá tacaíocht á tabhairt ag Coimisiún ENVE d’ullmhúchán theachtaireachtaí polaitiúla CnaR sna réimsí a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip amhail:
- An t-athrú aeráide
- An fuinneamh
- Beartais spáis an Aontais Eorpaigh
- An bhithéagsúlacht
- An geilleagar ciorclach
- An truailliú nialasach
Cuidíonn an fhoireann leis na comhaltaí tuairimí ENVE a dhréachtú agus tacaíonn sí leis an bpróiseas polaitiúil laistigh den Bhiúró agus sna seisiúin iomlánacha agus is í atá freagrach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí leantacha agus do ghníomhaíochtaí meastóireachta tionchair. Tá sí freagrach as cruinnithe de chuid an choimisiúin agus imeachtaí seachtracha a eagrú sna réimsí beartais ábhartha.
Gníomhaíochtaí
An Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil
Tá comhordú á dhéanamh freisin ag Coimisiún ENVE ar an Meitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh tras-choimisiúin sin de chuid Choiste Eorpach na Réigiún na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is é is aidhm dó freisin a chinntiú gur fíorthionscadail do gach limistéar a thiocfaidh as straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais agus as plean téarnaimh COVID-19 agus a chinntiú go gcuirfear maoiniú díreach ar fáil do chathracha agus réigiúin. Cuireann Coimisiún ENVE leis an bhfeachtas ábhartha a bhaineann leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil.
Tascfhórsa 3
Tá Coimisiún ENVE i gceannas ar Thascfhórsa 3 a chomhordú, tascfhórsa a thacaíonn leis an Meitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil. Is é is príomhchuspóir do Thascfhórsa 3 uirlis chomhordaithe a sholáthar i ngach coimisiún, i ngach grúpa polaitiúil agus sna seirbhísí cumarsáide. Dá réir sin, cinntíonn Tascfhórsa 3 go bhfuil comhsheasmhacht in obair reachtach CnaR maidir leis an gComhaontú Glas agus maidir le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh ina leith sin.
Líonraí agus Ardáin eile
Ina theannta sin, déanann Coimisiún ENVE comhordú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le Cúnant na Méaraí, tionscnamh arb é is aidhm dó páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chomhrac ar son beartais aeráide agus fuinnimh níos fearr.
Tá Coimisiún ENVE rannpháirteach sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach, a bhfuil sé mar aidhm aige saoránaigh a chumasú chun Eoraip níos glaise a mhúnlú. Iarrtar ar chomhaltaí CnaR páirt a ghlacadh sa tionscnamh sin mar Ambasadóirí thar ceann an Chomhshocraithe Aeráide thar ceann CnaR. Tríd an tionscadal 4 Climate Pact cuireann CnaR tacaíocht ar fáil do na hAmbasadóirí sin trí imeachtaí áitiúla a eagrú i dtaobh na haeráide, imeachtaí ar fheasacht a mhúscailt agus an ghníomhaíocht aeráide a bhrú chun cinn ar an leibhéal áitiúil.
Tá Coimisiún ENVE i gceannas ar Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh a bhainistiú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Cuireadh an tArdán sin ar bun chun an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach tríd an idirphlé le gníomhaithe ó phobail éagsúla agus ó réimsí éagsúla saineolais, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.
Rannpháirtíocht ENVE ar an leibhéal domhanda
Ar an leibhéal domhanda, tá príomhról ag Coimisiún ENVE mar ionadaí CnaR i gcomhdhálacha de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht. Tá Coimisiún ENVE freagrach as toscaireacht CnaR chuig Comhdhálacha Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a chomhordú, faoi mar a tharla i gcás COP26 i nGlaschú in 2021. Ina theannta sin, comhordaíonn Coimisiún ENVE ionchur CnaR i gComhdhálacha Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe (COPanna an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht). Sa chomhthéacs seo, tá an ról comhdhréachtaithe a bhí ag CnaR i nDearbhú Dhún Éideann maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar‑2020 ar cheann de na rudaí is mó a baineadh amach le deireanas, rud a léiríonn an tábhacht leis an rialachas il-leibhéil ar an leibhéal domhanda.