Ar aip mhóibíleach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), gheobhaidh tú fógraí fíor-ama faoi nuacht, faoi imeachtaí agus faoi thuairimí i dtaobh na n-ábhar is mó a bhfuil suim agat iontu. De réir mar a bheidh tú ag dul ó chruinniú go cruinniú, beidh tú in ann na míreanna is fearr leat a shábháil agus an t-ábhar a roinnt ar na meáin shóisialta nó ar bhealaí eile.
Tá sonraí teagmhála agus sonraí eile faoi chomhaltaí agus comhaltaí malartacha uile an Choiste le feiceáil e.g. an tUachtarán, an chéad Leas-Uachtarán, Uachtaráin na ngrúpaí polaitiúla, sin agus cathaoirligh choimisiúin éagsúla an Choiste, cuir i gcás. Cuirfidh tú eolas ar na réigiúin a mbíonn na comhaltaí éagsúla ag labhairt thar a gceann, agus féadfaidh tú na tuairimí uile a raibh tionchar acu ar chinntí AE a léamh.