Cad is fianáin ann?
Is éard is fianán ann téacschomhad beag a stórálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh.
- Fianáin chéadpháirtí is ea na fianáin sin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní féidir ach leis an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfeadh suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha, agus féadfaidh na seirbhísí sin a bhfianáin féin a shocrú freisin, agus fianáin tríú páirtí a thugtar orthu siúd.
- Is fianáin iad fianáin rianaithe a shábháiltear ar do ríomhaire ach nach ndéantar iad a scriosadh go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí, murab ionann is fianán neamhbhuan, a ndéantar é a scriosadh nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.
Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún, iarrfar ort glacadh leis na fianáin nó iad a dhiúltú.
Déantar amhlaidh ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin cuimhneamh ar do shainroghanna ar feadh tréimhse áirithe ama.
Ar an dóigh sin, ní gá duit an t-eolas a chur isteach arís agus tú ag brabhsáil ar an suíomh gréasáin le linn na cuairte céanna.
Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin.
Cén úsáid a bhainimid as fianáin?
‘Fianáin chéad pháirtí’ den chuid is mó a mbaineann suíomhanna gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún úsáid astu. Is é Coiste Eorpach na Réigiún nó an Coimisiún Eorpach a shocraíonn agus a rialaíonn na fianáin sin, agus ní aon eagraíocht sheachtrach.
Mar sin féin, chun féachaint ar chuid dár leathanaigh nó ar ábhar ar leith, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha.
Na trí chineál fianán céad pháirtí a úsáidimid, tá siad ann chun an méid a leanas a dhéanamh:
- sainroghanna cuairteoirí a stóráil
- ár suíomhanna gréasáin a chur i mbun feidhme
- sonraí anailísíochta anaithnide a bhailiú (maidir le hiompraíocht úsáideoirí)
Sainroghanna cuairteoirí
Is muidne a shocraíonn iad seo agus ní féidir ach muid féin iad a léamh. Seo a leanas an t-eolas a choimeádtar iontu:
- más rud é gur ghlac tú le beartas fianáin an tsuímh gréasáin seo (nó gur dhiúltaigh tú dó)
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| eu_cookie_consent | Pacáiste toilithe fianáin | Stórálann sé do shainroghanna fianáin (ionas nach n-iarrfar sin ort arís) | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidimAinm: |
| cck3 | Pacáiste toilithe fianáin | Stórálann sé do shainroghanna d’fhianáin tríú páirtí (ionas nach n-iarrfar ort arís iad) | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidimAinm: |
| cck1 | Pacáiste toilithe fianáin | Stórálann sé do shainroghanna fianáin (ionas nach n-iarrfar sin ort arís) | Fianán rianaithe céadpháirtí, 6 mhí |
Fianáin oibríochtúla
Tá roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Go háirithe:
- fianáin fíordheimhniúcháin
- fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe
Fianáin anailísíochta
Úsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí ar fad, agus chuige sin amháin.
Ní dhéanann na fianáin ach an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir anaithnid (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).
Chomh maith leis sin, ní roinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí atá ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach le Coiste Eorpach na Réigiún nó leis an gCoimisiún.
Mar sin féin, is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú – tríd an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt, nó trí Europa Analytics.
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| _pk_id# | Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh, bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Piwik pro | Cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a aithint (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon eolas pearsanta faoin úsáideoir). | Fianán rianaithe céadpháirtí, 13 mhí. |
| _pk_ses# | Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh, bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Piwik pro | Na leathanaigh ar ar amharc an t-úsáideoir céanna a aithint le linn na cuairte céanna (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon eolas pearsanta faoin úsáideoir). | Fianán rianaithe céadpháirtí, 30 nóiméad. |
Fianáin tríú páirtí
Léiríonn cuid dár leathanaigh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, e.g. YouTube, Facebook agus X.
Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí sin, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha féin ar dtús. Orthu sin tá a mbeartais fianáin, rud nach bhfuil aon smacht againne orthu.
Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáilfear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.
Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún
You Tube
X
Microsoft Dynamics365
Facebook
Google
LinkedIn
Livestream
An Coimisiún Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Níl aon smacht ag Coiste Eorpach na Réigiún ar na seirbhísí tríú páirtí sin. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, etc., a athrú tráth ar bith.
Conas na fianáin a bhainistiú?
Fianáin a bhaint de do ghléas
Is féidir leat na fianáin ar fad atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfear fianáin uile na suíomhanna gréasáin ar fad ar thug tú cuairt orthu.
Bíodh a fhios agat, áfach, go bhféadfá roinnt eolas sábháilte a chailleadh (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh).
Fianáin suíomh-shonracha a bhainistiú
Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin suíomh-shonracha, féach na socruithe príobháideachais agus na socruithe fianán i do rogha brabhsálaí
Fianáin a bhlocáil
Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach d’fhéadfadh sé, mar thoradh air sin, go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú de láimh gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach gréasáin. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí mar ba cheart ar chor ar bith (e.g. logáil isteach i bpróifíl).
Ár bhfianáin anailísíochta a bhainistiú
Is féidir leat do shainroghanna maidir le fianáin ó Europa Analytics a bhainistiú ar leathanach cuí Europa Analytics.