Cad is Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha ann?
I nDeireadh Fómhair na bliana, reáchtálann an Bhruiséil an t-imeacht is mó san Eoraip maidir le forbairt réigiúnach agus uirbeach, ina dtugtar le chéile lucht ceaptha beartas, saineolaithe, acadóirí agus cleachtóirí chun smaointe a mhalartú, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus todhchaí réigiúin agus chathracha na hEorpa a phlé. Bíonn béim ag an imeacht ar an gcaoi a spreagann cathracha agus réigiúin fás, ar an gcaoi a gcruthaíonn siad poist, agus ar an gcaoi a gcuireann siad le cur chun feidhme rathúil Bheartas Comhtháthaithe an Aontais agus dea-rialachas Eorpach.
Leagann an t-imeacht béim ar thionchar infheistíocht an Aontais ar an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach, ar an nuálaíocht agus ar cháilíocht saoil na saoránach. Trí chlár de cheardlanna idirghníomhacha, cainteanna, taispeántais agus gníomhaíochtaí líonraithe, cuireann sé ardán uathúil ar fáil le haghaidh comhair agus idirphlé ar fud na hEorpa.
Glac páirt i Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha
Smaointe a mhalartú le chéile, naisc nua a thógáil mar chuid den chomhrá lena múnlaítear todhchaí réigiúin agus chathracha na hEorpa. In aisce atá an rannpháirtíocht – bíodh do ghuth féin mar chuid den díospóireacht!
Féach leat suíomh gréasáin Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha chun tuilleadh eolais a fháil.