An Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE)

​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​Is éard atá sa Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE) tionscadal lena sainaithnítear agus lena dtugtar luach saothair do réigiúin agus do chathracha san Aontas Eorpach a léiríonn straitéis beartais fiontraíochta nuálach den scoth, beag beann ar a méid, a rachmas ná a n-inniúlachtaí. Na réigiúin agus na cathracha ag a bhfuil an plean físe is inchreidte, is fadbhreathnaithí agus is mó a bhfuil gealladh faoi, bronntar an lipéad ‘Réigiún Fiontraíochta Eorpach’ (RFE) orthu ar feadh bliain shonrach.

© European Union

Ar an leathanach seo

Buaiteoirí

Eolas faoin ngradam

Cuireadh an lipéad RFE ar bun i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le tacaíocht ó gheallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais ar nós SME United, Eurochambres, Social Economy Europe agus EURADA. Tá sé ar oscailt fós d’aon eagraíocht ar mian léi rannchuidiú lena chuspóirí.

Conas iarratas a dhéanamh

Incháilitheacht

  • Tá an tionscadal ar oscailt do chríocha uile an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear pobail agus cathracha chomh maith le críocha trasteorann a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ar nós GECCanna (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach) agus Eora-réigiúin
  • Beidh inniúlachtaí ar an leibhéal polaitiúil (ní gá gur ar an leibhéal reachtach é) ag na réigiúin incháilithe
  • Beidh ar a gcumas fís fiontraíochta fhoriomlán a chur chun feidhme
  • Ní chuirfear a méid, a rachmas ná a gcuid inniúlachtaí sonracha san áireamh
  • Beidh sé ar oscailt do na críocha a bhfuil ag éirí leo cheana féin agus do na críocha sin atá tiomanta na hathruithe riachtanacha a chur chun feidhme

Moltar go háirithe do na réigiúin trasteorann iarratas a chur isteach.

Doiciméid riachtanacha

  • Foirm iarratais, ina bhfuil:
    • Bileog eolais maidir leis an gcríoch iarrthach
    • Achoimre ar fhís pholaitiúil an réigiúin
    • Tuairisc ar an sásra rialachais atá beartaithe chun a chinntiú go gcuirfear gníomhaíochtaí an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh (RFE) chun feidhme go héifeachtúil
    • Plean gníomhaíochta
    • Plean cumarsáide
  • Dearbhú tiomantais pholaitiúil lena léirítear go dtacaíonn ceannairí polaitiúla na críche (cuir i gcás, an tionól réigiúnach, an rialtas réigiúnach nó comhlachtaí polaitiúla údaraithe eile) le straitéis RFE na críche.

Giúiré RFE

Tá dháréag comhaltaí ar an nGiúiré (saineolaithe ar an réimse i gceist maille le polaiteoirí) agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na comhlachtaí seo a leanas:

Na hilmheáin

Doiciméid