Eolas faoin nGradam
Is iad an Coimisiún Eorpach, Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Coiste na nEagraíochtaí Talmhaíochta Gairmiúla agus an Chónaidhm Ghinearálta Comharchumann Talmhaíochta (COPA-COGECA) agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na nGluaiseachtaí Talmhaíochta Orgánacha (IFOAM Organics Europe) i gcomhpháirt le chéile a eagraíonn Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach. Is éard is aidhm do na Gradaim aitheantas a thabhairt don bharr feabhais feadh an tslabhra luacha orgánaigh uile mar aon le luach saothair a thabhairt do na gníomhaithe is fearr agus is nuálaí dá bhfuil i mbun an táirgthe orgánaigh san Aontas Eorpach.
Seo an chéad uair a bhfuil a leithéid de rud ann agus gradaim uile-Aontais maidir le táirgeadh orgánach agus ceapadh iad an chéad lá mar obair leantach ar an bPlean Gníomhaíochta um tháirgeadh orgánach a fhorbairt, plean a ghlac an Coimisiún an 25 Márta 2021. Cuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta gur cheart borradh a chur faoi éileamh tomhaltóirí ar tháirgí orgánacha d’fhonn táirgeadh orgánach a spreagadh. Chuige sin, tá gá le feasacht mhéadaithe an phobail ar shaintréithe agus ar thairbhí an táirgthe orgánaigh i measc rudaí eile. Chun tacú leis an smaoineamh sin, thug sé isteach gradaim bhliantúla lena n-aithnítear tionscadail nuálacha agus inbhuanaithe a chuireann luach le táirgeadh agus tomhaltas orgánach.
Tá sé chatagóir agus seacht ngradam i gceist le Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach. Tá CnaR freagrach as dhá ghradam: ‘An réigiún orgánach nó an bithcheantar is fearr’ agus ‘An chathair orgánach is fearr’. Ó 2021 i leith, is ar Lá Orgánach na hEorpa, an 23 Meán Fómhair, a bhronntar na gradaim gach bliain. Dóibh siúd a mbíonn an bua acu, bíonn siad níos sofheicthe agus níos inchreidte, tugtar aitheantas dóibh agus bíonn deiseanna acu iad féin a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, rud a léiríonn an breisluach is mó a bhaineann le Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach.
Lean sinn
#EUOrganic