An Coimisiún um Beartas Eacnamaíoch

Coimisiún ECON

Tugtar le chéile i gCoimisiún ECON os cionn 100 ionadaí réigiúnach tofa d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bheartais eacnamaíocha agus thionsclaíocha. I measc an raoin ábhar a ndírítear orthu ann tá an beartas iomaíochta (an státchabhair san áireamh), an soláthar poiblí, tacaíocht do FBManna, an rialachas eacnamaíoch, an Seimeastar Eorpach, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an Margadh Aonair agus an Margadh Aonair Digiteach, an beartas airgeadaíochta, an cánachas, an trádáil idirnáisiúnta, an maoiniú réigiúnach, agus an beartas spáis.

© dim4ik-69 / Adobe stock.com

Ar an leathanach seo

Buaicphointí

An obair a dhéanaimid

Réigiúin Fiontraíochta Eorpacha (RFE)  

Na réigiúin den Aontas Eorpach ag a bhfuil an fhís is dáiríre, is forasaí agus is mó a bhfuil gealladh fúithi mar aon leis an straitéis is nuálaí um beartas fiontraíochta, is orthusan a bhronnann scéim dámhachtanaí na Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE) aitheantas.

Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub)

Is éard atá i Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Bheartais an Aontais (RegHub) ardán ar a gcoinnítear teagmháil le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha trí bhíthin comhairliúchán, agus ar a dtugar le chéile an taithí atá acu ar bheartas Eorpach a chur chun feidhme.

An Fóram um Rannpháirtíocht Dhigiteach

Tugtar deis san fhóram seo do chomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus na páirtithe leasmhara is tábhachtaí an scéal is déanaí maidir le beartas digiteach an Aontais a phlé.

An nuacht is déanaí

Comhaltaí an Choimisiúin

Imeachtaí atá thart

Tuairimí

Tuairimí atá á bplé faoi láthair

Opinions (4)

Tuairimí a glacadh

Na hilmheáin

Staidéir agus Foilseacháin

Doiciméid