Victor Moreno Morales de Setién
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Chun ationsclú na hEorpa a neartú, tá gá le cur chuige áitbhunaithe lena gcuirtear le speisialtóireachtaí tionsclaíocha réigiúnacha, lena dtacaítear le slabhraí luacha áitiúla agus lena n-áirithítear gur féidir le gach críoch rannchuidiú le claochlú eacnamaíoch an Aontais. Bhí sé sin ar cheann de na príomhtheachtaireachtaí a pléadh ag seimineár seachtrach Choimisiún um Beartas Eacnamaíoch (ECON) Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 23 Deireadh Fómhair in Valencia.
D’eagraigh CnaR agus rialtas Valencia an seimineár i gcomhpháirt le chéile agus tugadh le chéile ann údaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith le saineolaithe chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir beartas tionsclaíoch na hEorpa a aistriú ina infheistíochtaí nithiúla lena gcuirtear cúinsí sonracha gach réigiúin Eorpaigh san áireamh. Leag na rannpháirtithe béim ar a thábhachtaí atá an comhar il-leibhéil idir na Ballstáit, na réigiúin, na cathracha agus na héiceachórais thionsclaíocha chun a áirithiú nach leathnóidh an fás éagothromaíochtaí críochacha ach, ina ionad sin, go dtacóidh sé le réigiúin atá i mbun aistriú tionsclaíoch agus go neartóidh sé athléimneacht eacnamaíoch na hEorpa. Chuir siad i bhfios go láidir freisin gur cheart measúnú a dhéanamh ar infheistíocht thionsclaíoch nua san Eoraip ní hamháin i dtéarmaí a méide airgeadais, ach freisin de réir a cumais luach a ghiniúint laistigh dá críoch. Ní mór d’ationsclú na hEorpa cur le láidreachtaí agus riachtanais a réigiún, le tacaíocht ó chomhar níos dlúithe idir údaráis phoiblí, gnólachtaí, oibrithe agus ionaid taighde. D’iarr siad go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán i gceapadh agus i gcur chun feidhme bheartais thionsclaíocha na hEorpa, i bhfianaise an eolais dhomhain atá acu ar a gcríocha.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nglao sin, agus an chaibidlíocht maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 ar siúl. Tá CnaR fós go láidir i gcoinne an togra d’aon toil, agus luaigh sé go raibh imní air faoi lárú agus athnáisiúnú chistiú an Aontais.
Leag na rannpháirtithe béim freisin ar a thábhachtaí atá sé naisc a neartú idir éiceachórais thionsclaíocha áitiúla agus réigiúnacha agus córais oideachais, ollscoileanna agus ionaid teicneolaíochta chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú. D’iarr siad go gcuirfí FBManna i gcroílár an bheartais thionsclaíoch agus d’áitigh siad go n-aistreofaí ó dhíospóireacht straitéiseach go gníomhaíocht nithiúil, le torthaí nithiúla lena neartaítear bonn tionsclaíoch na hEorpa agus lena dtreisítear uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh. Leagadh béim sa phlé freisin ar an ngá atá le comhar níos dlúithe idir na réigiúin, agus CnaR ag feidhmiú mar ardán chun comhar a chothú agus chun a áirithiú go léireofar tosaíochtaí críochacha i gceapadh beartas na hEorpa.
Tar éis an tseimineáir, thug na rannpháirtithe cuairt ar Industrias Alegre in Albal, Valencia. Bhí an chuideachta sin i measc na gcuideachtaí is mó a ndearna tuilte DANA mhí Dheireadh Fómhair 2024 difear dóibh. Ó shin i leith, tá an soláthróir gluaisteán ar thús cadhnaíochta arís san ardmhonaraíocht, rud a léiríonn conas is féidir le hathléimneacht, nuálaíocht agus fís straitéiseach fhadtéarmach deis a dhéanamh de ghéarchéim le haghaidh athnuachan thionsclaíoch.
Sleachta
Alberto Cirio (IT/PPE), Uachtarán Réigiún Piedmont agus Cathaoirleach Choimisiún um Beartas Eacnamaíoch CnaR (ECON): ‘Ní mór ationsclú na hEorpa a bheith bunaithe ar láidreachtaí agus riachtanais a réigiún. Chuige sin, tá gá le comhar níos dlúithe idir gach leibhéal rialtais, gnólachtaí, oibrithe agus institiúidí taighde chun borradh a chur faoin infheistíocht, faoin iomaíochas agus faoi scileanna. Ní mór don ationsclú an comhtháthú críochach a neartú, poist ardcháilíochta a chruthú agus a áirithiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a thuigeann a gcríocha agus ní mór dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán i gceapadh agus i gcur chun feidhme bheartais thionsclaíocha na hEorpa.’
Ruth Merino (ES/PPE), Leas-Aire Réigiúnach um Ionadaíocht chuig an Aontas Eorpach de chuid Rialtas Réigiún Valencia agus comhalta de Choimisiún ECON: ‘Is féidir le taithí Valencia cur go mór leis an díospóireacht Eorpach. Léirigh teagmhais adhaimsire le blianta beaga anuas a thromchúisí is féidir leo difear a dhéanamh do ghnólachtaí agus cur isteach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch ar fud réigiúin. Ní mór na dúshláin sin a chur san áireamh in ationsclú na hEorpa. Ní leor infheistíocht nua a mhealladh; ní mór dúinn freisin gnólachtaí atá ann cheana a chosaint agus a gcumas géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a sheasamh a neartú. Braitheann iomaíochas agus uathriail straitéiseach na hEorpa, i bpáirt, ar athléimneacht a réigiún.’
Marián Cano, Aire Réigiúnach Nuálaíochta, Tionscail, Trádála agus Turasóireachta Rialtas Réigiún Valencia: “Is é an príomhchúram atá ann sna deich mbliana amach romhainn bogadh ó bheartas tionsclaíoch atá ceaptha timpeall ar earnálacha go beartas ina n-ionchorpraítear an ghné chríochach go hiomlán. Beidh an Eoraip níos iomaíche má bhaineann sí leas iomlán as taithí, acmhainneacht nuálach agus acmhainneacht chlaochlaitheach a críoch.”
Tuilleadh eolais
Teagmháil
Víctor Moreno Morales de Setién
Teil. +32 475999662
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Theresa Sostmann
Teil. +32 475999415
theresa.sostmann@cor.europa.eu
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Belgium
Comhalta
Member of the Municipal Council of the City of Marche-En-Famenne
Italy
Comhalta
President of the Piedmont Region