Baineann an ráiteas seo le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann: www.cor.europa.eu.
Ní bhaineann sé le hábhar ná le suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon cheann dá fhofhearainn. Beidh ráiteas sonrach féin maidir le hinrochtaineacht ag gabháil leis na suíomhanna gréasáin sin agus leis an ábhar orthu freisin.
Is é Coiste Eorpach na Réigiún a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
Ba chóir duit a bheith in ann:
- zúmáil isteach ar an leathanach agus é a dhéanamh suas le 400 % níos mó gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid;
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheanta cainte (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán).
Stádas comhréireachta
Níl an suíomh gréasáin seo i gcomhréir le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 ná le Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar nach bhfuil inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 22 Lúnasa 2024.
Ullmhú an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 25 Márta 2026.
Chun an ráiteas seo a ullmhú, bhaineamar úsáid as Modheolaíocht Mheastóireachta WCAG i gcomhar le teicneolaíocht chúnta VoiceOver agus TalkBack.
Aiseolas
Ba dhíol sásaimh dúinn aiseolas a fháil uait maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún. Cuir in iúl dúinn é má thagann bacainní inrochtaineachta romhat:
- Teil: +32 2 282 22 11
- Foirm theagmhála: Déan teagmháil linn
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn atá freagrach an fiosrúchán uait.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus le teicneolaíocht chúnta
Tá suíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún deartha chun bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta seo a leanas is mó a úsáidtear:
- an leagan is déanaí de bhrabhsálaithe Google Chrome, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
- i gcomhcheangal leis na leaganacha is déanaí de VoiceOver agus TalkBack.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an teanglaim de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- Teanga mharcála hipirtéacs (HTML)
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript
Ábhar nach bhfuil inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun an inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna a bhfuilimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos, tá cur síos ar na lochtanna a bhfuilimid ar an eolas fúthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos. Lochtanna aitheanta ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún:
- Níl téacs malartach tuairisciúil ag gabháil le gach íomhá faisnéiseach lena gcuirtear brí agus comhthéacs íomhánna in iúl i suíomh digiteach. Ina theannta sin, ní chuirtear gach deilbhín maisiúil i bhfeidhm ar bhealach ar féidir neamhaird a dhéanamh de trí theicneolaíocht chúnta.
- Ní chuirtear gach ceannteideal in ord loighciúil ná ordlathach agus ní mharcáiltear iad uile mar theidil.
- Ní chuirtear an t-ábhar in ord i gcónaí ar bhealach a léiríonn brí an ábhair.
- Ní leor i gcónaí an cóimheas codarsnachta idir dath an téacs agus dath an chúlra.
- Ní bhíonn ceannteidil chuí ar gach leathanach chun an struchtúr a léiriú.
- Ní bhíonn níos mó ná bealach amháin ar fáil chun leathanach a aimsiú laistigh de shraith leathanach.
- Ní shonraítear go soiléir i gcónaí na heilimintí sin ar a ndírítear an fócas trí theicneolaíochtaí cúnta.
- Ní bhíonn na heilimintí go léir feiceálach nuair a dhírítear an fócas orthu.
- Ní bhíonn teideal cuí ag an eilimint HTML iframe chun an eilimint sin a shainaithint.
- Ní bhíonn leaganacha malartacha inrochtana ag ábhar leabaithe ar nós iframes.