eTranslation

Córas aistriúcháin iontaofa ar líne an Aontais Eorpaigh faoi do réir.

eTranslation visual
© Visual Generation – stock.adobe.com

Ar an leathanach seo

Cad is eTranslation ann?

Is uirlis úsáideach ar líne é an meaisínaistriúchán is féidir a úsáid am ar bith, áit ar bith chun téacs a thuiscint. Cé go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar an teicneolaíocht seo thar na blianta, ní mór a bheith ar an eolas go bhféadfaidh cáilíocht agus cruinneas na n-aistriúchán athrú ó théacs go téacs, ag brath ar an chineál an téacs atá ann agus ar an bpéire teangacha atá i gceist.

Tá an aip eTranslation a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach ar cheann de na haipeanna meaisínaistriúcháin is cruinne agus is éifeachtúla ar an margadh.

  • Aistrigh go breis agus 24 theanga agus uathu
  • Slán agus go hiomlán saor in aisce
  • Uirlis aistriúcháin sholáimhsithe ar líne

Cé atá in ann eTranslation a rochtain?

Cuirtear eTranslation ar fáil faoi láthair d’institiúidí an Aontais agus don lucht riaracháin phoiblí náisiúnta, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, don lucht acadúil agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, sin agus dóibhsean atá ag obair ar thionscadail faoin gclár don Eoraip Dhigiteach laistigh den Aontas Eorpach agus i dtíortha atá cleamhnaithe leis an gclár sin. Is féidir le hiarrthóirí EPSO eTranslation a úsáid freisin le linn an phróisis earcaíochta.

Séanadh

Is le haghaidh faisnéis amháin an t-eolas ar an leathanach seo agus ní ráthaíonn Coiste Eorpach na Réigiún cáilíocht ná cruinneas aon torthaí aistriúcháin a fhaightear ó eTranslation. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an fógra dlíthiúil dár gcuid.