Tháinig príomhchomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) le chéile sa Mhuileann gCearr chun comhar a neartú le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun Eoraip a thógáil a…
Is éard atá sa Bhiúró grúpa comhaltaí de chuid Choiste na Réigiún. Is é is ceann feadhna polaitiúil ar an gCoiste. Is é a chuireann clár polaitiúil an Bhiúró i dtoll a chéile, agus is é a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an chláir. Tagann lucht an Bhiúró le chéile roimh gach seisiún iomlánach d’fhonn obair an tionóil iomlánaigh agus obair na gcoimisiún a chomhordú. Tagann siad le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ag cruinnithe urghnácha sa Bhallstát faoina bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Faoi mar is fíor i gcás an Uachtaráin, is téarma dhá bhliain go leith a bhíonn ag an mBiúró.
Is léiriú é an Biúró ar an iolrachas polaitiúil atá i réim i gCoiste na Réigiún. Is de na daoine seo a leanas atá sé comhdhéanta:
Tá trí shuíochán ag an bhFrainc, ag an nGearmáin, ag an Iodáil, ag an bPolainn agus ag an Spáinn. Tá dhá shuíochán ag na Ballstáit seo a leanas: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSualainn. Suíochán amháin atá ag na Ballstáit seo a leanas: an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, Lucsamburg, Málta agus an tSlóivéin
Is iad príomhchúraimí an Bhiúró cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla an Choiste a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh air, chomh maith le hobair an tionóil iomlánaigh agus obair na gcoimisiún a chomhordú.