Príomhphrionsabail
Bíonn Coiste na Réigiún ag obair chun saoránaigh an Aontais Eorpaigh a thabhairt níos gaire don Aontas. Cuidíonn an Coiste leis an mbearna idir obair institiúidí an Aontais agus saoránaigh an Aontais a dhúnadh, trí pháirt a thabhairt d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla a bhíonn ar an eolas ó lá go lá faoi ábhair imní a dtoghthóirí, ach freisin trí chuireadh a thabhairt do shaoránaigh a bheith rannpháirteach in imeachtaí éagsúla agus díospóireachtaí éagsúla.
Fíricí lárnacha
- bíonn éifeacht dhíreach, ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn áitiúil, ag 70 % de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
- 27 mBallstát
- 329 gcomhalta arna dtoghadh go háitiúil agus go réigiúnach
- 6 choimisiún
- 6 ghrúpa pholaitiúla
- suas le 6 sheisiún iomlánacha in aghaidh na bliana
- níos mó ná 50 tuairim arna nglacadh gach bliain
Ráiteas misin
Gach gníomhaíocht pholaitiúil dá ndéanaimid, tá sí bunaithe ar an tuiscint go bhfuil ríthábhacht leis an gcomhar, cibé acu ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil é sin, má táimid chun aontas níos dlúithe agus níos tacúla ar bhonn frithpháirteach a chur ar bun do mhuintir na hEorpa agus chun freagairt do dhúshláin an domhandaithe.
Rialachas il-leibhéil
Is colún eile d'obair an Choiste é a bheith ag obair i gcomhpháirt le chéile. Is é sin le rá, go gcreideann Coiste na Réigiún sa ghníomhaíocht chomhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
Coimhdeacht
Ní mór prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh ar fud phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh, rud a chiallaíonn nach mór cinntí a ghlacadh ar an leibhéal rialtais is fearr a fhónann do leas an phobail, go mór mór ar an leibhéal áitiúil, más féidir.
An bhfuil comhaltaí Choiste na Réigiún cleamhnaithe le haon ghrúpaí polaitiúla?
Tá comhaltaí Choiste na Réigiún grúpáilte de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla:
- Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE)
- Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)
- Renew Europe
- An Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)
- Grúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí (CE)
- Na Glasaigh agus na Forásaithe
Is gnách go dtagann na grúpaí le chéile roimh gach seisiún iomlánach. Féadfaidh siad dhá chruinniú urghnácha a thionól (lasmuigh den Bhruiséil) gach bliain.
Cad é buiséad bliantúil Choiste na Réigiún?
Cumhdaítear le buiséad bliantúil Choiste na Réigiún speansais na mball foirne agus speansais na gcomhaltaí polaitiúla, ateangaireacht agus gníomhaíochtaí cumarsáide. Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi bhuiséad institiúidí an Aontais agus faoin gcaoi a n-úsáidtear é, féach leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh 'Buiséad an Aontais'.
Cén tionchar atá ag Coiste na Réigiún?
Níl an tAontas Eorpach faoi oibleagáid tuairimí Choiste na Réigiún a chur san áireamh, agus déanann sé amhlaidh i ndáiríre, a bheag nó a mhór (féach tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh ar an obair leantach a dhéanann sé ar thuairimí Choiste na Réigiún, chomh maith le tuarascálacha tionchair Choiste na Réigiún féin).
Cé mhéad a íoctar leis na comhaltaí?
Ní íoctar le comhaltaí ach amháin a gcuid speansas as freastal ar chruinnithe agus déantar taifead ar an tinreamh i miontuairiscí na gcruinnithe uile, atá ar fáil ar Thairseach na gComhaltaí chomh maith lena sonraí pearsanta agus a ngníomhaíocht ag cruinnithe.