Comhar le hInstitiúidí agus Comhaontuithe an Aontais

Tá comhar Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais bunaithe ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De réir an Chonartha rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún Eorpach (CE) i gcomhairle leis an gCoiste i dtaca le réimsí beartais réamhshainithe. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis an gCoiste freisin i ngach cás inar cuí leo é.

European Union 2024 / background bagotaj – stockadobe.com

Ar an leathanach seo

Cuireann CnaR níos mó struchtúir leis an gcaidreamh atá aige leis an gCoimisiún Eorpach agus le Parlaimint na hEorpa leis an bPrótacail maidir le Comhar - a dtugtar comhaontuithe comhair orthu. Leagtar béim sna comhaontuithe sin ar ghné chríochach an Aontais agus ar a thábhachtaí atá an rialachas il-leibhéil, agus méadaítear guth agus tionchar na réigiún agus na gcathracha i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Ina theannta sin, bunaíonn an Coiste caidreamh pribhléideach le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus go háirithe lena hUachtaránachtaí rothlacha. 

Comhoibríonn CnaR freisin i gcomhar le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile an Aontais chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i measc comhlachtaí eile.

An Coimisiún Eorpach

Aithnítear sa Chomhaontú Comhair athnuaite idir an Coimisiún Eorpach agus an Coiste a síníodh in 2024 gné chríochach an Aontais agus a thábhachtaí atá an rialachas il-leibhéil. Leis an gcomhaontú, cuirtear de cheangal ar an dá institiúid comhar agus idirphlé fadtéarmach leanúnach a dhéanamh le linn gach téarma oifige agus foráiltear an méid seo a leanas go háirithe: 

  • comhar i gcomhthéacs phróiseas cinnteoireachta an Aontais, go háirithe trí idirphlé polaitiúil a reáchtáil le hUachtarán agus le Coimisinéirí an Choimisiúin Eorpaigh i seisiúin iomlánacha Choiste na Réigiún 
  • san ionchur a chuirfear chuig an gCoimisiún, bainfidh CnaR leas as an taithí agus an saineolas atá aige ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim den timthriall ceaptha beartas 
  • méadófar sineirgí, go háirithe i gcomhthéacs chuspóirí an Chonartha maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus comhar téamach treisithe a shaothrú lena n-áirítear comhar trasteorann, an Seimeastar Eorpach agus réimsí eile, agus beidh pleananna gníomhaíochta téamacha nó a léitheid de shocraithe ag gabháil leo, nuair is iomchuí 
  • déanfar gníomhaíochtaí a fhorbairt maidir leis an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais amhail comhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha comharsanachta, rannpháirtíocht i gComhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aeráid agus logánú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
  • déanfar teagmháil le pobail áitiúla trí rannpháirtíocht dhíreach na n-ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla, trí thionscnaimh amhail líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus trí chomhoibriú i ngníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise, trí imeachtaí a eagrú, trí thuairisciú comhpháirteach sna meáin, agus trí uirlisí gréasáin a fhorbairt le haghaidh bealaí cumarsáide oscailte

Parlaimint na hEorpa

Le comhaontú comhair neartaithe 2024 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coiste, féachtar le dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a fheabhsú, for-reachtain na saoránach a mhéadú, agus cur le comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais. Leis an gcomhaontú, fágtar gur féidir cuspóirí comhchoiteanna amhail na nithe seo a leanas a bhaint amach: 

  • comhar i gcomhthéacs phróiseas cinnteoireachta an Aontais, go háirithe trí idirphlé polaitiúil rialta a reáchtáil le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, leis an Leas-Uachtarán atá freagrach as an gcaidreamh le CnaR agus le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) sna cruinnithe ábhartha de chuid CnaR 
  • san ionchur a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa, bainfidh CnaR leas as an taithí agus an saineolas atá aige ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar feadh saolré beartais
  • nasc feabhsaithe idir tionscnaimh atá ann cheana arna gcur chun cinn ag CnaR agus ag Parlaimint na hEorpa, amhail Seachtain um Chomhionnanas Inscne de chuid Pharlaimint na hEorpa, Gradam an Mhéara Paweł Adamowicz, agus gníomhaíochtaí i réimsí na rialála níos fearr agus an chaidrimh sheachtraigh 
  • comhar i ngníomhaíochtaí cumarsáide maidir le príomhthionscnaimh bheartais, reachtaíocht, suirbhéanna agus pobalbhreitheanna, a bhfuil mar aidhm acu aird a tharraingt ar bhreisluach bheartais an Aontais ar an láthair 
  • an caidreamh a neartú sa tréimhse roimh na toghcháin Eorpacha

Comhairle an Aontais

Oibríonn CnaR i gcomhar le huachtaránachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun a ionchur a ullmhú ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, i measc nithe eile, trí na nithe seo a leanas:

  • tarchuir ar leith agus gnáthobair reachtach
  • rannpháirtíocht i gcruinnithe ardleibhéil agus in imeachtaí á n-eagrú ag na huachtaránachtaí a bhféadfadh CnaR a bheith rannpháirteach iontu
  • cruinnithe agus imeachtaí an Choiste leis na huachtaránachtaí agus/nó i dtíortha na huachtaránachta. 

féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe Choiste na Réigiún freisin chuig meithleacha na Comhairle agus chuig cruinnithe neamhfhoirmiúla den Chomhairle i réimsí reachtacha a bhfuil gné fhollasach áitiúil nó réigiúnach ag baint leo. 

Doiciméid