Fuaimthonnta atá ina léirshamhlú ar an gcumarsáid oscailte is ea an íomhá phríomhúil ar lógó Choiste Eorpach na Réigiún. Tá gluaisne le tuiscint uaithi mar aon le seoladh agus glacadh faisnéise. Cuireann na fuaimthonnta an t-idirphlé in iúl; guthanna éagsúla na gcathracha agus na réigiún a dtagann a dtuairimí éagsúla le chéile ag pointe áirithe feadh an tsrutha, faoi mar a dhéanann Coiste Eorpach na Réigiún ionadaíocht orthu. Tá athfhuaimniú na nguthanna sin le tuiscint de réir mar a thógtar teachtaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar ais chuig na pobail áitiúla.
Is féidir gach ceann de na 24 leagan teanga den lógó a íoslódáil i bhformáidí éagsúla atá le húsáid ar raon leathan tacaíochtaí. Déantar cur síos mionsonraithe ar úsáid an lógó agus ar chur i bhfeidhm an tsainaitheantais fhísigh chomhfhreagraigh i dtreoirlínte an Choiste maidir le sainaitheantas físeach.