Fógra dlíthiúil

Ar an leathanach seo

Beartas teanga

Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris. 

Na teangacha ina bhfoilsítear cineálacha éagsúla eolais ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún

  • Struchtúr na nascleanúna ar an suíomh gréasáin: i dteangacha oifigiúla an Aontais.
  • Eolas ginearálta: i dteangacha oifigiúla an Aontais de réir mar a bheidh aistriúchán le fáil air.
  • Doiciméid oifigiúla, doiciméid a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo, eolas agus doiciméid faoi na seisiúin iomlánacha: i dteangacha oifigiúla uile an Aontais
  • Eolas atá práinneach nó a bhfuil saolré ghearr aige (nuacht, imeachtaí, etc.): ní fhoilsítear é i ngach teanga. Braitheann rogha na teanga / na dteangacha orthu siúd ar a bhfuil an t‑eolas dírithe.
  • Eolas speisialaithe (eolas teicniúil, obair idir lámha, glaonna ar thairiscintí): i mBéarla den chuid is mó.
  • Eolas spriocdhírithe náisiúnta agus réigiúnach (An Eoraip i mo Réigiún): i dteanga na tíre.
  • Foirmeacha teagmhála agus freagraí ar do theachtaireachtaí: is féidir iad a chur isteach in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus tabharfar freagraí orthu sa teanga chéanna, más féidir. Iarrtar ort freisin teanga eile (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis) a roghnú d’fhonn freagra tapa a chinntiú. 

An bhfuil ionadh ort nach bhfuil eolas áirithe ar fáil i do theanga féin? 

Uaireanta cuireann sé ionadh ar dhaoine a théann ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún nach bhfuil leathanach áirithe le fáil ina dteanga féin. Go hiondúil, bíonn na teangacha atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste ag brath ar na srianta seo a leanas:

  • tábhacht (dhlíthiúil) – ní mor teacht a bheith ag an bpobal ar na doiciméid oifigiúla ar fad, agus cuirtear ar fáil sna teangacha oifigiúla uile iad. I gcás doiciméid eile, ní aistrítear iad ach amháin go dtí na teangacha sin a bhfuil gá leo (cuir i gcás, chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis náisiúnta, eagraíochtaí náisiúnta nó daoine aonair);
  • práinn – ní mór cineálacha áirithe eolais a fhoilsiú go tapa toisc baint a bheith acu lena bhfuil ag tarlú ag an am sin. Toisc go dtógann an t‑aistriúchán roinnt mhaith ama, is fearr linn ábhar a fhoilsiú go tapa sna teangacha a thuigeann an líon is mó Eorpach, seachas a bheith ag feitheamh ar aistriúchán go dtí gach teanga;
  • cost-éifeachtacht – i gcás leathanaigh ríspeisialaithe nach bhféachann ach líon fíorbheag daoine orthu, is é an príomhchúram atá orainn a chinntiú go dtuigfidh formhór na ndaoine éirim an eolais sin agus airgead a spáráil ar na cáiníocóirí ag an am céanna;
  • srianta teicniúla – tá sé thar a bheith casta suíomh gréasáin atá ar fáil i níos mó ná 20 teanga a bhainistiú, agus teastaíonn a lán acmhainní daonna agus airgeadais chuige sin;
  • aistriúchán – níl (fáil) againn ach (ar) líon teoranta aistritheoirí agus níl ach buiséad teoranta againn le haghaidh an aistriúcháin (airgead na gcáiníocóirí a íocann as sin). 

Cuireann suíomh gréasáin CnaR meaisínaistriúchán ar fáil le haghaidh ábhar áirithe ar nós scéalta nuachta agus preaseisiúintí. Is í seirbhís eTranslation an Choimisiúin Eorpaigh a chuireann an meaisínaistriúchán seo ar fáil. Léirítear go soiléir le teachtaireacht ag barr an leathanaigh más le meaisínaistriúchán a aistríodh an téacs atá os do chomhair.

  • Tabharfaidh an meaisínaistriúchán tuiscint gharbh duit ar ábhar an téacs i dteanga a thuigeann tú. Ba cheart a choinneáil i gcuimhne, áfach, nach mbíonn aon lámh ag an duine ina leithéid sin d’aistriúchán agus go bhféadfadh cáilíocht agus cruinneas an mheaisínaistriúcháin a bheith an-éagsúil ó théacs go chéile agus ó phéire teangacha go chéile. 

Ba mhór againn aiseolas a fháil uait faoi aon mheaisínaistriúchán a d’iarr tú.
 

Beartas modhnóireachta i ndáil leis na meáin shóisialta

An nuashonrú is déanaí: Deireadh Fómhair 2025

Baineann an beartas seo le cuntais oifigiúla CnaR ar Facebook, X (Twitter mar a bhíodh), LinkedIn, Instagram, Threads agus YouTube.

Baineann Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) úsáid as a chuid cainéal ar na meáin shóisialta chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, le hionadaithe réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe ar fud na hEorpa. Is mór againn comhrá oscailte stuama agus tuairimí éagsúla. Is éard a mhínítear sa bheartas modhnóireachta seo an chaoi a ndéanaimid tráchtanna agus idirghníomhaíochtaí a bhainistiú ar ár leathanaigh ar na meáin shóisialta. Tá feidhm aige maidir le gach postáil phoiblí, freagra, tagairt agus teachtaireacht dhíreach a chuirtear chuig ár gcainéil oifigiúla.

  1. Ná bíodh aon leisce ort trácht a fhágáil agus ár n-ábhar a scaipeadh

Is spásanna iad ár gcainéil don phlé measúil ionchuimsitheach atá bunaithe ar fhíricí.

Iarraimid ar gach úsáideoir: 

  • caitheamh go measúil agus go cúirtéiseach le daoine eile;
  • gan imeacht ó ábhar an phlé agus páirt a ghlacadh sa phlé ar bhealach dearfach;
  • an plé a dhéanamh go stuama agus meas a léiriú i gcás easaontais. 

Is mór ag CnaR an tsaoirse cainte agus an t-iolrachas, ach ba cheart an plé a dhéanamh go múinte agus baint a bheith aige lenár gcuid oibre. Iarraimid ort cloí le bunphrionsabal na dea-iompraíochta. 

  1. Níor cheart tráchtanna míchuí a phostáil, mar shampla:
  • fuathchaint, leithcheal nó ciapadh bunaithe ar náisiúntacht, cine, inscne, reiligiún, aois, míchumas, gnéaschlaonadh, nó aon stádas eile;
  • maslaí, bagairtí, ráitis chlúmhillteacha nó ionsaithe pearsanta;
  • spreagadh nó gríosú foréigin, féindíobhála nó gníomhaíochta neamhdhleathaí;
  • pornagrafaíocht nó lomnochtacht;
  • turscar, athphostálacha nó tráchtanna nach mbaineann le hábhar nó ina bhfuil sáruithe ar chóipcheart;
  • fógraíocht, promóisean tráchtála nó tiomsú airgid;
  • naisc atá neamhábhartha, amhrasach nó neamhshábháilte. 

Ní liosta uileghabhálach an liosta seo agus féadfar tráchtanna a sháraíonn na rialacha a cheilt nó a scriosadh. Is féidir bac a chur ar úsáideoirí postálacha a uaslódáil ar chuntais CnaR más rud é go bhfuil fianaise ann gur tharla sáruithe tromchúiseacha nó leanúnacha. 

  1. Forchoimeádaimid an ceart chun:
  • tráchtanna a sháraíonn ár mbeartas modhnóireachta a cheilt nó a scriosadh;
  • bac nó cosc a chur ar úsáideoirí a sháraíonn na rialacha ar bhonn leanúnach nó ar bhealach tromchúiseach;
  • ábhar nó iompar neamhdhleathach (figiúirí poiblí a phearsanú nó cuntais bhréige a úsáid) a thuairisciú do na húdaráis inniúla. 

Is foireann údaraithe de chuid CnaR atá i mbun na modhnóireachta, de láimh agus, nuair is iomchuí, le huirlisí ardáin. 

Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt a thapa agus is féidir ar an oiread sin ceisteanna agus is féidir. Ar fágadh do cheistse ar lár? Má fágadh, cuir sin in iúl dúinn ag an seoladh ríomhphoist thíos. 

Má chreideann tú gur trí dhearmad a baineadh do nóta tráchta, is féidir dul i dteagmháil lenár bhfoireann modhnóireachta ag socialmedia@cor.europa.eu.

Déanfaimid iarratais dhlisteanacha a mheas a luaithe agus is féidir. 

  1. Bainistiú

Is é an tAonad um Chumarsáid Dhigiteach agus Straitéis TF (Stiúrthóireacht D), i gcomhar le ranna eile a thugann tacaíocht dó maidir le hábhar, a bhainistíonn cuntais CnaR ar na meáin shóisialta. Ní hionann cuntais eile a leanúint nó a lua agus go dtacaíonn CnaR leo

Bainimid úsáid as haischlibeanna (#) chun páirt a ghlacadh sa phlé poiblí, ach níl CnaR freagrach as an ábhar a roinneann daoine eile faoi na haischlibeanna sin ná ar shuíomhanna seachtracha. 

  1. Cóipcheart

An t-ábhar a phostáiltear ar chuntais CnaR ar na meáin shóisialta, is amhlaidh atá sé faoi réir ár bhfógra chaighdeánaigh i dtaobh cóipchirt, mar atá le fáil anseo: https://cor.europa.eu/ga/fogra-dlithiuil#toc-coipcheart. Mura dtugtar a mhalairt le fios, tá na híomhánna agus na grianghraif faoi réir chóipcheart an Aontais: © An tAontas Eorpach. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go gcomhlíonann gach postáil an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) agus na rialacha cóipchirt. Má chreideann tú gur sáraíodh do chearta príobháideachta nó do chearta maoine intleachtúla, déan teagmháil linn. 

  1. Sonraí pearsanta

Próiseálann CnaR méid beag sonraí pearsanta atá riachtanach chun críoch staidrimh agus chun faireachán a dhéanamh ar an bplé ar líne. Tá na sonraí sin uile liostaithe inár bhFógra maidir le Cosaint Sonraí: Cosaint sonraí | Coiste Eorpach na Réigiún. Tá téarmaí agus coinníollacha ar leith a bhaineann le bailiú agus úsáid sonraí foilsithe ar gach ardán ar leith freisin.

Cóipcheart

© An tAontas Eorpach, 1995-2026

Mura dtugtar a mhalairt le fios (e.g. le fógra cóipchirt), an t-ábhar atá faoi úinéireacht an Aontais ar an suíomh gréasáin seo, is amhlaidh atá sé faoi cheadúnas de chuid Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Is éard a chiallaíonn sin go bhfuil sé ceadaithe ábhar a athúsáid ar choinníoll go dtugtar an chreidiúint chuí ina leith agus go dtugtar le fios gach athrú dá ndearnadh. 

Maidir le cead úsáide agus atáirgthe eilimintí nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais Eorpaigh, ní mór an cead sin a iarraidh ar úinéir an chóipchirt. Dá réir sin, ní mór duit cearta breise a imréiteach má tá saothar atá faoi chóipcheart tríú páirtí san áireamh in ábhar ar leith. I gcás ina bhfaightear cead, cuirfear an cead ginearálta thuasluaite ar ceal, cuirfear an cead nua in ionad an cheada ghinearálta agus tabharfar le fios go soiléir ann cé na srianta atá ar an úsáid.

Séanadh

Déanann Coiste Eorpach na Réigiún cothabháil ar an suíomh gréasáin seo chun an teacht a bhíonn ag an bpobal ar eolas faoi thionscnaimh an Choiste agus faoi bheartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne a fheabhsú. Is é an cuspóir atá againn go mbeadh an t-eolas sin cruinn agus go gcuirfí ar fáil é go caoithiúil. Aon bhotúin a chuirtear in iúl dúinn, déantar gach iarracht iad a cheartú. 

Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún freagracht ar bith ná dliteanas ar bith i leith an eolais atá ar an suíomh seo, áfach. 

Maidir leis an eolas sin: 

  • is de chineál ginearálta amháin é agus níl sé i gceist leis go dtabharfaí aghaidh ar chúinsí sonracha duine ar leith ná eintitis ar leith;
  • ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
  • bíonn nasc idir é, uaireanta, agus suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an gCoiste orthu agus nach é an Coiste féin atá freagrach astu;
  • ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá ann (más comhairle shonrach atá uait, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí). 

Tabhair faoi deara i gcás doiciméad atá ar fáil ar líne nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn é de théacs a glacadh go hoifigiúil. Is í reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá barántúil. 

Tá sé mar aidhm againn an cur isteach a tharlaíonn de bharr earráidí teicniúla a laghdú oiread agus is féidir. D’fhéadfadh sé tarlú go gcruthófaí roinnt sonraí nó roinnt eolais ar ár suíomh, áfach, nó go ndéanfaí struchtúrú orthu, i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus nach féidir linn a ráthú, dá bhrí sin, nach gcuirfeadh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís ná nach gcuirfí as di ar dhóigh eile. Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún aon fhreagracht air féin i leith fadhbanna den sórt sin a tharlódh mar thoradh ar an suíomh seo a úsáid nó mar thoradh ar shuíomhanna seachtracha a bhfuil nasc ar an suíomh seo leo a úsáid. 

Níl sé i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur le dliteanas Choiste Eorpach na Réigiún, de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná dliteanas an Choiste a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

Séanadh maidir le naisc sheachtracha

Is féidir go bhfoilseofaí ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún san fhearann europa.eu ‘naisc sheachtracha’ chuig suíomhanna gréasáin i bhfearainn eile seachas europa.eu. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na suíomhanna gréasáin sin faoi úinéireacht an Choiste ná á maoiniú aige, nach mbeadh aon smacht ag seirbhísí an Choiste orthu agus nach nglacann Coiste Eorpach na Réigiún aon fhreagracht air féin ina leith.

Má roghnaíonn úsáideoirí shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún nasc a leanúint chuig suíomh gréasáin seachtrach, ciallaíonn sin go bhfuiltear ag fágáil fearann oifigiúil Choiste Eorpach na Réigiún agus gurb iad na beartais maidir le fianáin, príobháideachas agus dlíthiúlacht atá i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin seachtrach ar a bhfuiltear ag tabhairt cuairte a bheidh infheidhme maidir leo.

Níl aon smacht ag Coiste Eorpach na Réigiún ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus inrochtaineacht ar shuíomhanna gréasáin seachtracha atá nasctha le suíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún san fhearann europa.eu, agus is ar an suíomh gréasáin seachtrach amháin atá an fhreagracht sin.

Séanadh maidir le tacaíocht

Is é is cuspóir d’aon tagairt lena ndéantar nasc ó shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún chuig aon acmhainn, seirbhís ar líne nó suíomh gréasáin atá seachtrach feabhas a chur ar an eolas atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún agus cabhrú leis an úsáideoir cuairt a thabhairt ar na suíomhanna gréasáin sin.

Ní chiallaíonn tagairtí lena ndéantar nasc den chineál sin go bhfuil Coiste Eorpach na Réigiún ag tacú le haon cheann de na hacmhainní, seirbhísí ar líne nó suíomhanna gréasáin sin atá seachtrach, ná go dtacaíonn sé leis an eolas atá sa tagairt don nasc, ná go dtacaíonn sé leis na heagraíochtaí ar leo na suíomhanna gréasáin seachtracha.