Déantar comhaltaí CnaR a ghrúpáil i gceann de shé ghrúpa pholaitiúla éagsúla de réir a gcleamhnachta polaitiúla. Is féidir le comhaltaí a bheith neamhchleamhnaithe freisin.
- Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE)
- Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)
- Renew Europe
- An Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)
- An Chomhghuaillíocht Eorpach (EA)
- Na Glasaigh agus na Forásaithe
Is gnách go dtagann na grúpaí le chéile roimh gach seisiún iomlánach. Féadfaidh siad dhá chruinniú urghnácha a thionól (lasmuigh den Bhruiséil) in aghaidh na bliana.