Comhtháthú, Ár mBunluach

​Is é ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag Coiste Eorpach na Réigiún do 2020 go 2025 ná a léiriú nach mbaineann an comhtháthú le hairgead (amháin), ach gur bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh é.

Trína chuid gníomhaíochtaí féin agus trí na gníomhaíochtaí a dhéantar leis an gComhghuaillíocht um Chomhtháthú (#CohesionAlliance), tá an Coiste tiomanta don dearcadh a chur chun cinn go ndéanfar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú agus go ndéanfar é seo a urramú i mbeartais uile an Aontais Eorpaigh.

FatCamera - Getty Images

Ar an leathanach seo

Tionscnaimh

Na cuspóirí atá againn

Is é Comhtháthú, Ár mBunluach ceann de thrí mhórthionscnamh dechuid Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), mar aon leis na feachtais maidir le Caibidil nua i ndaonlathasan Aontais Eorpaigh agusan ComhaontúGlas don Eoraip.

Is é an Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú (#CohesionAlliance) a sheol Coiste na Réigiún agus príomhchomhlachais áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa in 2017 (AER, AEBR, CALRE, CEMR, CPMR, agus EUROCITIES), an bealach is mó agus is cumhachtaí trínar féidir leis an gCoiste:

  • a léiriú nach mbaineann an comhtháthú le hairgead (amháin), ach gur bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh é;
  • an dearcadh a chur chun cinn go ndéanfar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú agus go ndéanfar é seo a urramú i mbeartais uile an Aontais Eorpaigh;
  • rannpháirtíocht réigiún agus cathracha a chur chun cinn maidir le pleananna téarnaimh náisiúnta a mhúnlú agus a chur i gcrích;
  • comhtháthú an bheartais comhtháthaithe a chur chun cinn ar an talamh mar aon le gach ionstraim téarnaimh agus cistiúcháin eile an Aontais;
  • comhar uirbeach-tuaithe agus téarnamh limistéar tuaithe a chothú.

 

Na hilmheáin

Watch more videos about the European Union's cohesion policy on YouTube: EU is Cohesion, Regions & Cities in action, European Week of Regions and Cities

Tuairimí 

Foilseacháin 

Doiciméid