Na cuspóirí atá againn
Tá sé d’aidhm ag CnaR an nasc idir an tAontas agus na saoránaigh a neartú trína chur ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach freastal a dhéanamh ar fhíor-riachtanais an phobail. Trí na hinstitiúidí daonlathacha a threisiú ar an leibhéal áitiúil, is féidir linn cudiú le muinín an phobail as an Aontas a thógáil agus leis an tsaoránacht ghníomhach a chothú, mar aon lena áirithiú go léirítear sa bheartas éagúlacht na réigiún Eorpach.
Is iontach mar is féidir leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha, san aon am amháin, freastal a dhéanamh ar riachtanais na saoránach, rudaí a bhíonn ag athrú i gcónaí, agus an daonlathas áitiúil a chosaint, an comhionannas inscne a chur chun tosaigh i mbeartais uile an Aontais agus rannpháirtíocht na hóige a chur chinn.
I measc na bpríomhthosaíochtaí atá againn, tá ábhair a bhaineann leis na ceithre réimse seo a leanas:
An daonlathas áitiúil
Cumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach cur i gcoinne bagairtí ar an daonlathas a neartú agus an bhearna a dhruidim idir an tAontas agus na saoránaigh, tá an méid sin ríthábhachtach má theastaíonn Aontas Eorpach uainn atá ionadaíoch agus inar féidir leis na saoránaigh tionchar a imirt ar an saol.
Déanann comhaltaí de CnaR Idirphlé Áitiúil an Aontais a eagrú chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na saoránaigh agus mar is féidir beartais an Aontais a chur i bhfeiliúint do chúrsaí mar atá ar an leibhéal áitiúil a phlé. Reáchtáiltear os cionn 20 idirphlé áitiúil sa bhliain, ina dtéitear i dteagmháil leis na mílte saoránach ó gach cearn den Aontas. Tacaíonn CnaR lena chomhaltaí teagmháil a dhéanamh leis na saoránach trína áirithiú go mbíonn teacht acu ar na modhanna is ábhartha ó thaobh an daonlathais rannpháirtigh de.
Trí bhíthin tionscnaimh mar Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh, cuidíonn CnaR leis an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Tá an líonra oscailte d’ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha ó gach cearn den Eoraip. Is é gealltanas na n-ionadaithe eolas faoin méid atá á dhéanamh ag an Aontas ar a son a roinnt le lucht a dtofa, gealltanas go spreagfaidh siad na saoránaigh chun gnímh ar mhaithe leis an tionscadal Eorpach.
Tarraingíonn CnaR aird ar a thábhachtaí atá sé an daonlathas áitiúil a neartú, laistigh den Aontas agus ina chomharsanacht araon. An t-idirphlé idir CnaR agus na tíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha, reáchtáiltear sin trí bhíthin na gcomchoistí comhairliúcháin agus na meithleacha chun comhar seasmhach cobhsaí a choinneáil ar bun leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna tíortha ar mian leo teacht isteach san Aontas.
An Óige
Rannpháirtíocht ghníomhach a éascú agus deiseanna níos fearr don aos óg foghlaim agus obair a dhéanamh, tá an méid sin fite fuaite leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta. I gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige agus na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tá CnaR tar éis dul i bpáirt le Fóram Eorpach na nÓg chun Cairt um an Óige agus an Daonlathas a chomhchruthú. Leagtar amach sa Chairt an bealach chun spás daonlathach a fheileann níos fearr don óige a thógáil chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n-óg agus go gcloisfear glór na n-óg ar bhonn foirmiúil, leanúnach agus seasta san Aontas.
Gníomhaíonn CnaR freisin ar son chuimsiú éifeachtach na n-óg sa pholaitíocht áitiúil agus réigiúnach. Clár na bPolaiteoirí Tofa Óga (YEP), atá ar bun ón mbliain 2019, tá sé anois ina thionscnamh suaitheanta maidir le rannpháirtíocht fhóinteach na hóige. Agus os cionn míle polaiteoir tofa óg páirteach ann, tugann an líonra seo deis don aos óg páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus an bhearna idir an tAontas agus na saoránaigh a dhruidim.
An comhionannas inscne
Tá an comhionannas inscne ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá ag CnaR don tréimhse 2025-2030. Agus é ag dul i gcomhar le ceannairí áitiúila agus réigiúnacha, tá sé d’aidhm ag CnaR athrú nithiúil ar an saol a dhéanamh de ghealltanais an Aontais: pá comhionann, cúram leanaí níos fearr, cúram sláinte ar ardchaighdeán, cothromaíocht oibre is saoil agus deiseanna córa fostaíochta do chách. Tá ceangal fágtha ag CnaR air féin na spriocanna sin a bhaint amach trí bhíthin Plean Gníomhaíochta maidir leis an gComhionannas Inscne, rud a chuireann an comhionannas inscne chun cinn i ngníomhaíochtaí, tionscnaimh agus líonraí an choiste.
‘For more women in politics’, agus tionscnaimh eile dá leithéid, is cor cinniúnach cultúrtha iad do CnaR maidir le dul chun cinn nithiúil a dhéanamh ó thaobh na ngealltanas sin de. Éilíonn an tionscnamh sin cothromaíocht inscne níos fearr sa pholaitíocht ar gach leibhéal rialtais, an leibhéal áitiúil agus réigiúnach san áireamh. Má táthar chun daonlathas láidir, dea-rialachas agus cinnteoireacht éifeachtach a áirithiú, is gá rannpháirt pholaitiúil iomlán a bheith ag na mná, i gcáil saoránach agus sealbhóir oifige poiblí araon.
An t-athrú déimeagrafach
An t-athrú déimeagrafach, arb iad an dul in aois, imirce na ndaoine oilte agus an daonra a bheith ag dul i laghad na comharthaí sóirt atá aige, déanann sé níos measa an neamhionannas idir réigiúin agus cuireann sé an comhtháthú i mbaol. Tá ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí thacú le limistéir faoi mhíbhuntáiste, trí bheartais atá fabhrach do theaghlaigh agus beartais idirghlúine a chur chun cinn, agus trí réitigh chliste inbhuanaithe a chruthú. Áirítear leis sin feabhas a chur ar na seirbhísí áitiúla, ar na poist, agus ar an mbonneagar chun cuidiú le daoine fanacht sna réigiúin arb as dóibh nó filleadh ar na réigiúin chéanna.