Eolas
Tá an líonra oscailte d’ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha ó gach cearn den Eoraip. Is é gealltanas na n-ionadaithe eolas faoin méid atá á dhéanamh ag an Aontas ar a son a roinnt le lucht a dtofa, gealltanas go spreagfaidh siad na saoránaigh chun gnímh ar mhaithe leis an tionscadal Eorpach.
Faigheann na Feisirí rochtain phribhléideach ar réimse seirbhísí agus táirgí tiomnaithe le húsáid chun cumarsáide ar an láthair, sin agus chun líonrú agus eolas agus taithí a chomhroinnt le comhairleoirí áitiúla eile de chuid an Aontais.
Tá breis agus 3,000 comhalta acu ar fud an Aontais, agus reáchtálann an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún an líonra i gcomhar le chéile, tar éis líonra An Eoraip á Tógáil ag Comhairleoirí Áitiúla (BELC) agus Líonra na gComhairleoirí Áitiúla agus Réigiúnacha a chumasc.
Bí i do chomhalta i Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh!