Is éard atá i gceist leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil tionscnamh suaitheanta de chuid CnaR, agus is éard is aidhm dó ...
Is ardáin thiomnaithe iad na meithleacha arna mbunú ag Biúró CnaR chun comhairle a chur ar an gCoiste i réimsí áirithe. Cuireann siad le hobair chomhairliúcháin CnaR tríd an idirphlé trasearnálach a chur chun cinn chun comhleanúnachas sheasamh CnaR ar fud coimisiúin éagsúla a áirithiú.
Cuireann an Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil aiseolas ar fáil maidir le roinnt réimsí beartais um an aistriú glas agus tacaíonn sí le cathracha agus réigiúin trí bhíthin sraith uirlisí cumarsáide agus rannpháirtíochta a chabhróidh leo cuspóirí an aistrithe ghlais a bhaint amach.
Tugann an Mheitheal um Chosaint ceannairí áitiúla le chéile chun beartas cosanta an Aontais a mhúnlú, an comhar a neartú agus an athléimneacht réigiúnach a fheabhsú tráth a bhfuil na dúshláin slándála ag dul i méid.
Déanann an Grúpa Stiúrtha um Rialáil Níos Fearr agus Coimhdeacht Ghníomhach cuíchóiriú ar rialachas CnaR maidir le rialáil níos fearr. Stiúrann sé agus comhordaíonn sé go straitéiseach freisin na gníomhaíochtaí a dhéantar trí úsáid a bhaint as ionstraimí CnaR maidir le rialáil níos fearr.
Déanann Meithleacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive, na Moldóive, na Tuirce agus an Mheitheal um an Úcráin rannpháirtíocht CnaR sa chomhar agus san idirphlé polaitiúil idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus a gcontrapháirtithe i dtíortha is iarrthóirí a chur chun cinn, rud a thacaíonn le conair na dtíortha sin ionsar aontachas leis an Aontas. Is trí chomhchoistí comhairliúcháin leis an Albáin, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an tSeirbia a dhéantar obair CnaR freisin maidir le méadú an Aontais.