An Mheitheal um Chosaint

Tugann an Mheitheal um Chosaint in CnaR ceannairí áitiúla le chéile chun beartas cosanta an Aontais a mhúnlú, an comhar a neartú agus an athléimneacht réigiúnach a fheabhsú i dtréimhse ina bhfuil fás ar dhúshláin slándála.

©Cunaplus_M.Faba via GettyImages

Ar an leathanach seo

Sainordú

Bhunaigh Biúró Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an Mheitheal um Chosaint an 1 Aibreán 2025 chun machnamh a dhéanamh ar an méid is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh d’fhonn cur le hollstruchtúr athraitheach slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh agus an ról atá acu a chur chun cinn.

Feidhmíonn an Mheitheal mar ardán chun comhar idirinstitiúideach a dhéanamh le príomhchomhlachtaí an Aontais agus éascaíonn sí an malartú dea-chleachtas i measc chomhaltaí na Meithle. Cabhraíonn sí freisin leis an gcomhleanúnachas a chur chun cinn sna tuairimí a bhaineann leis an gcosaint, rud lena gcinntítear go bhfuil luach straitéiseach agus saineolas trasearnála i gceist in obair CnaR i réimse na cosanta agus na slándála.

Comhdhéanamh

Is é Fernando López Miras (ES/PPE) cathaoirleach na Meithle. Naonúr comhaltaí de chuid CnaR atá ar an Meitheal agus tá naonúr comhaltaí/comhaltaí malartacha eile ann ar féidir leo a n-ionad siúd a ghlacadh. Féach comhaltaí na Meithle.