Is díol sásaimh do CnaR agus ARLEM an chéim sin agus rannchuideoidh siad lena múnlú le guthanna áitiúla. Tuarascáil maidir le peirspictíochtaí críochacha atá le glacadh ag seisiún iomlánach ARLEM in…
Gach dhá bhliain go leith, toghann an Tionól Iomlánach Uachtarán CnaR agus an chéad Leas Uachtarán ar an gCoiste.
Meitheamh 2022: Toghadh ina Uachtarán Vasco Alves Cordeiro (PSE), Comhalta de Thionól Reachtach Réigiún Féinrialaitheach na nAsór. Tá Vasco Alves Cordeiro ina chomhalta de Choiste Eorpach na Réigiún ó 2013, agus, roimhe sin, ó 2004 go dtí 2008, bhí sé ina chomhalta malartach den Choiste. An aidhm a bhí lena théarma uachtaránachta ná Eoraip a thógáil i gcomhair cách agus i gcomhar le cách. Chuige sin, dhírigh sé ar na trí thosaíocht a leanas: an Eoraip a dhéanamh níos láidre agus níos cothroime, comhrac a dhéanamh ar son beartas comhtháthaithe athnuaite, agus stádas polaitiúil Choiste Eorpach na Réigiún a chur chun cinn. I measc na n‑éachtaí a baineadh amach le linn a théarma oifige, reáchtáladh an Cruinniú Mullaigh Eorpach ba mhó riamh de na Réigiúin agus na Cathracha, rinneadh teagmháil láidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhfianaise na dtoghchán Eorpach, cuireadh fís nua den bheartas comhtháthaithe chun cinn, agus rinneadh an comhar a athnuachan le Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.
Feabhra 2020: toghadh Apostolos Tzitzikostas (PPE), Gobharnóir na Macadóine Láir sa Ghréig, ina Uachtarán. Agus é ag labhairt os comhair 329 gcomhalta, leag an tUachtarán amach na trí phríomhthosaíocht a leanas dá théarma oifige: ‘Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas Eorpach a bheith ag freastal ar na saoránaigh agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu ina sráidbhailte, cathracha agus réigiúin. Ní mór dúinn tacú leis an gcomhtháthú críochach, leis an nuálaíocht, leis an bhfiontraíocht, agus ní mór dúinn freisin teacht ar réitigh inchreidte chun an imirce a bhainistiú faoi stiúir na dlúthpháirtíochta. Ar an dara dul síos, ní mór do na réigiúin agus do na cathracha tuiscint a fháil ar na claochluithe móra atá sa siúl faoi láthair, mar atá na réabhlóidí glasa, digiteacha agus déimeagrafacha, agus dul i ngleic leo. Ar an tríú dul síos, ní mór dúinn daonlathas na hEorpa a neartú, agus na réigiúin agus na cathracha a chur i gcroílár an daonlathais, d’fhonn an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.’
Iúil 2017: toghadh Karl-Heinz Lambertz (PSE, BE), comhalta de Sheanad na Beilge thar ceann Phobal Labhartha na Gearmáinise, ina Uachtarán. Tá Karl-Heinz ina chomhalta de CnaR ó 2001 i leith agus bhí sé ina Uachtarán ar Ghrúpa Pháirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE) in CnaR (2011-2015). Ó 2000 i leith, tá sé ina chomhalta den Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha na hEorpa i gComhairle na hEorpa.
Feabhra 2015: toghadh Markku Markkula, comhalta de Bhord Chomhairle Réigiúnach Heilsincí agus Cathaoirleach Bhord Pleanála Chathair Espoo, ina Uachtarán. Is iarchomhalta de Pharlaimint na Fionlainne é (1995-2003). Le linn an ama sin, bhí sé ina bhall de dhá bhuanchoiste pharlaiminteacha: an Coiste Eolaíochta, Oideachais agus Cultúir, agus an Coiste don Todhchaí. Le linn a thréimhse mar Fheisire, bhí ról idirnáisiúnta aige in Uachtaránacht Chomhairle EPTA, Líonra um Measúnú Teicneolaíochta Pharlaimint na hEorpa.
Meitheamh 2014: toghadh Michel Lebrun, comhairleoir áitiúil in Viroinval (an Bheilg), ina Uachtarán. Tar éis dó céim a bhaint amach san Fhealsúnacht agus sa Litríocht in Ollscoil Chaitliceach Louvain in 1970, cuireadh tús lena ghairmréim pholaitiúil in 1977 nuair a toghadh é mar leasmhéara ar chomhairle baile Viroinval (an Bheilg). Ó 1992 go 1999 bhí sé ina Aire Ardoideachais, Taighde agus Caidrimh Idirnáisiúnta i bPobal Labhartha na Fraincise, sula raibh sé ina Aire Pleanála, Bonneagair, Iompair agus Teileachumarsáide i Rialtas na Vallúine.
Iúil 2012: toghadh Ramón Luis Valcárcel Siso, Uachtarán Phobal Féinrialaithe Murcia, ina Uachtarán. Tar éis dó céim a bhaint amach sna hEalaíona agus san Fhealsúnacht in Ollscoil Murcia, mhúin sé stair na healaíne agus é i mbun taighde a bhain le healaín agus le stair Réigiún Murcia. Ina óráid don seisiún iomlánach, leag sé amach mar thosaíochtaí aige an chaibidlíocht leanúnach don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, an chéim nua de na cistí struchtúracha agus de bheartas an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh.
Mercedes Bresso Feabhra 2010: toghadh Mercedes Bresso, comhalta de Chomhairle Réigiúnach Phíodmant, ina hUachtarán ar CnaR an 10 Feabhra 2010 agus deimhníodh a téarma oifige an 9 Meitheamh 2010. Bhí an méid seo le rá ag Bresso: ‘Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha feidhmiú mar phointe tagartha don Eoraip i ngach ceann de na réimsí seo. Bíonn siad ar an líne thosaigh le linn géarchéime agus b’iadsan i gcónaí a bhí chun cinn sa nuálaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil.’
Feabhra 2008: toghadh Luc Van den Brande, Seanadóir i bParlaimint na Beilge agus comhalta (Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE/BE)) de CnaR ó bunaíodh é, ina Uachtarán ar an gCoiste. San óráid a thug sé don tionól iomlánach bhí an méid seo le rá aige: ‘Ní mór dúinn droim láimhe a thabhairt do choincheap ordlathach na pirimide nuair a smaoinímid ar an Eoraip, pirimid ina bhfuil an tAontas os cionn na mBallstát, na Ballstáit os cionn na réigiún, agus na réigiúin os cionn na gcathracha agus na n-údarás áitiúil’.
Feabhra 2006: toghadh Michel Delebarre, Méara Dunkerque (Réigiún Nord-Pas de Calais) agus comhalta de Pharlaimint na Fraince, ina Uachtarán ar CnaR. Chuir sé in iúl gur mhian leis tionól Eorpach fíor-pholaitiúil a dhéanamh de Choiste na Réigiún, tionól a bheadh in ann cabhrú le díospóireacht faoin Eoraip a chur ar bun arís, agus d’aithin sé Straitéis Liospóin mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha CnaR.
Feabhra 2004: toghadh Peter Straub, Uachtarán Pharlaimint Réigiúnach Baden Württemberg, ina Uachtarán ar CnaR. Ar na príomhaidhmeanna a bhí aige, bhí an caidreamh idirinstitiúideach a neartú agus feasacht a ardú maidir le hobair an Choiste sna Ballstáit nua.
Feabhra 2002: toghadh Albert Bore, ceannaire Chomhairle Cathrach Birmingham, mar Uachtarán ar CnaR. Shainaithin sé an dá phríomhaidhm a leanas dá théarma oifige: a áirithiú go mbeadh an beartas réigiúnach ina fhórsa tiomána i gcónaí i gclár oibre an Aontais; agus dul i ngleic leis an ‘easnamh daonlathach’, rud a d’fhág gur bhraith an pobal i gcoitinne nach raibh siad san áireamh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.
Feabhra 2000: toghadh Jos Chabert, an tAire Oibreacha Poiblí agus Iompair i Rialtas Réigiún na Bruiséile, ina Uachtarán ar CnaR. Agus é ag tathant ar an gCoiste naisc níos dlúithe a chruthú le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle na nAirí, d’iarr sé tuilleadh béime a chur ar thuairimí polaitiúla agus níos lú béime a chur ar thuairimí teicniúla. D’fhógair sé cúig thosaíocht pholaitiúla, i réimsí na fostaíochta, an bheartais uirbigh, na saoránachta Eorpaí, an chomhshaoil agus an mhéadaithe.
Feabhra 1998: toghadh Manfred Dammeyer, Aire Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha Stát na Réine Thuaidh-na Viostfáile ina Uachtarán ar CnaR. Mhol sé níos mó neamhspleáchais a thabhairt do réigiúin, stáit agus cúigí cónaidhme i mbainistiú na gcistí struchtúracha, chomh maith le beartas talmhaíochta níos iomaíche a bheith san Aontas. Dhaingnigh an tionól moladh ón mBiúró chun líon, comhdhéanamh agus téarmaí tagartha choimisiúin CnaR a athrú ionas go bhféadfaidís na réimsí nua freagrachta a tugadh don Choiste le Conradh Amstardam a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Márta 1996: toghadh Pasqual Maragall I Mira, Méara Barcelona, ina Uachtarán ar CnaR. Gheall sé go ndíreofaí ar eagrúchán inmheánach trédhearcach agus dlisteanach a thógáil agus go dtabharfaí stádas institiúideach do CnaR.
March 1994: Jacques Blanc, leader of the Languedoc-Roussillon regional council, is elected as the first President, with Pasqual Maragall i Mira (PES/ES) as First Vice-President.