Is díol sásaimh do Choiste Eorpach na Réigiún an togra le haghaidh Comhshocrú nua don Mheánmhuir
Ar an leathanach seo
- Caidreamh seachtrach, Méadú agus Beartas Comharsanachta
- Mediterranean third countries
Tá Teachtaireacht glactha go hoifigiúil ag an gCoimisiún Eorpach ina moltar Comhshocrú nua don Mheánmhuir, rud a léiríonn céim stairiúil chun cinn maidir leis an gcaidreamh Eora-Mheánmhara a neartú. Is díol mór sásaimh do Choiste na Réigiún (CnaR) agus do ARLEM— an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara ina dtugtar le chéile ceannairí áitiúla ó thrí chósta na Meánmhara — an tiomantas athnuaite sin chun an comhar a dhoimhniú ar fud an réigiúin.
Is tosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh í an Mheánmhuir. Léiríonn an Comhshocrú, a bhfuil an Coimisinéir Dubravka Šuica i gceannas air, uaillmhian an Aontais spás síochána, rathúnais agus cobhsaíochta a chomhchruthú trí fhíor-chomhpháirtíocht.
Mar thionól polaitiúil a dhéanann ionadaíocht ar rialtais fhonáisiúnta ar fud an spáis Eora-Mheánmhara, tacaíonn ARLEM go láidir leis an iarracht nua sin. Leanfaidh CnaR agus ARLEM dá bplé leis an gCoimisiún Eorpach chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, lena n-áiritheofar go n-aithneofar agus go gcomhtháthófar go hiomlán breisluach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.
Laistigh de thrí seachtaine, glacfaidh ARLEM a thuarascáil shuaitheanta maidir leis na Peirspictíochtaí Críochacha don Chlár Oibre Straitéiseach Nua Eora-Mheánmhara ag an16ú seisiún iomlánach a bheidh aigein Palermo . Is toradh í an tuarascáil seo ar chomhrapóirtéireacht uathúil lena dtugtar le chéile dearcadh an Aontais agus dearcadh chomhpháirtí na Meánmhara agus léirítear inti torthaí comhairliúcháin leathain le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ó thíortha an Aontais agus ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad araon, chomh maith le staidéar.
Athdhearbhaíonn CnaR agus ARLEM go bhfuil siad tiomanta a áirithiú go gcloisfear guthanna áitiúla agus go múnlóidh réaltachtaí críochacha todhchaí an chomhair Eora-Mheánmhara. Ní hamháin gur creat beartais é an Comhshocrú don Mheánmhuir — is glao chun gnímh é chun go n-oibreoidh gach leibhéal rialachais le chéile i dtreo todhchaí chomhroinnte.
Tuilleadh eolais:
- Tuarascáil ARLEM maidir le Peirspictíochtaí Críochacha don Chlár Oibre Straitéiseach Nua Eora-Mheánmhara, atá le glacadh ag an 16ú seisiún iomlánach de ARLEM agus le foilsiú anseo: Suíomh gréasáin/Tuarascálacha ARLEM
- Staidéar ARLEM ar naDúshláin agus na Deiseanna do nahúdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le Tacú leis an gComhar agusleis an mBileog Eora-Mheánmhara