Eolas faoin ngradam
Is éard is aidhm don ghradam seo aitheantas a thabhairt do na bearta nithiúla atá déanta agus na tionscnaimh atá curtha i bhfeidhm ag Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (GECCanna) sa phobal. Tarraingíonn sé aird ar bhreisluach na n-ionstraimí sin agus déanann sé eiseamláir díobh do ghrúpálacha eile agus do struchtúir chomhchosúla.
A bhuí le GECCanna, is féidir le húdaráis réigiúnacha agus chathrach, comhlachais nó comhlacht poiblí eile ar bith de chuid Ballstáit éagsúla teacht le chéile faoi scáth eintiteas dlítheanach aonair chun comhar críochach a éascú agus a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach acu i gcothú an fháis eacnamaíoch, i gcruthú na fostaíochta, agus i gcosaint an chomhshaoil agus an dúlra. Thairis sin, déanann siad an t-oideachas, an cuimsiú sóisialta, an oidhreacht chultúrtha agus an tsaoránacht Eorpach a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, neartaíonn siad an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach thar theorainneacha na mBallstát.
Is é an gradam ‘Building Europe across Borders’ a bhronnann Coiste Eorpach na Réigiún, rud a dhéanann sé gach re bliain.
Cé dó an gradam seo?
Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach atá ar an bhfód cheana féin agus ar cuireadh Coiste Eorpach na Réigiún ar an eolas faoina mbunú de réir an Rialacháin maidir le Grúpálacha Eorpach um Chomhar Críochach.