Athléimneacht

Is éard is athléimneacht ann an cumas freagairt do ghéarchéimeanna, bídís sin tubaistí a bhaineann leis an aeráid, amhail tuilte nó triomaigh, nó bagairtí slándála. Is ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a thiteann trom na hoibre nuair is gá aistrithe móra nó tionchair ghéarchéime a bhainistiú. Ní mór an ról atá acu a neartú chun cur ar a gcumas dóibh aghaidh a thabhairt go leormhaith ar dhúshláin i réimsí amhail slándáil fuinnimh agus bia, bainistiú uisce nó an ghníomhaíocht ar son na haeráide.

Andriy Onufriyenko - Getty Images

Ar an leathanach seo

Tionscnaimh

An tAthrú Aeráide

Is cúis mhór imní an méadú ar iarmhairtí an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádaithe comhshaoil sna cathracha agus i réigiúin an Aontais. Dá bhrí sin, teastaíonn tuilleadh béime ar acmhainní airgeadais don chosc agus don oiriúnú, mar aon le méadú ar na hacmhainní céanna. Chun go n-éireoidh leis an Aontas an sprioc atá aige a bhaint amach, is é sin geilleagar aeráidneodrach a bhunú faoi 2050, ní mór sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí de a leagan síos chun laghdú 90 % a dhéanamh ar CO2 faoi 2040. Chomh maith leis sin, is gá iarrachtaí atá idir uaillmhianach agus réadúil a dhéanamh chun na cathracha agus na réigiúin a chumhachtú, mar a leagtar amach i gcreat an Chomhaontaithe Ghlais.

Athléimneacht uisce

Dúshlán criticiúil domhanda is ea an athléimneacht uisce. Tá an-tábhacht go deo ag baint léi a mhéid a bhaineann le hiomaíochas an Aontais féin. Ní hamháin sin, ach tá sí thar a bheith tábhachtach freisin chun gur féidir oiriúnú don athrú aeráide, an bhithéagsúlacht a chosaint, truailliú a laghdú, slándáil bia a áirithiú agus an geilleagar ciorclach agus an tsláinte phoiblí a neartú. Ós mar sin don scéal, ní mór í a chomhtháthú i ngach beartas eile atá ag an Aontas a bhaineann le hábhar.

Fuinneamh atá glan, slán, inacmhainne

Aistriú fuinnimh áitiúil atá éifeachtúil, inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, glan agus cothrom, sin rud atá ríthábhachtach chun spleáchais straitéiseacha a laghdú agus chun an t-iomaíochas a ionchorprú i spriocanna aeráide. Ba ríthábhachtach an ní é micreatháirgeadh fuinnimh, córais dhíláraithe fuinnimh agus córais fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Chun slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus praghsanna fuinnimh a choinneáil ag leibhéal is féidir a íoc, caithfimid an tAontas Fuinnimh Eorpach a thabhairt chun críche agus margadh atá iomlán comhtháite agus idirnasctha ar fud an Aontais a bhaint amach mar chuid de sin.

Comhar trasteorann

Aistriú daoine agus earraí thar theorainneacha, sin ceann de na samplaí is fearr dá bhfuil againn den bhreisluach a ghabhann leis an Eoraip. Ní mór an comhar críochach Eorpach a aithint mar thosaíocht agus a neartú i mbuiséad an Aontais. 

Leis an Ardán um Chomhar Trasteorann Eorpach, tugtar gníomhaithe le chéile a bhíonn páirteach sa chomhar trasteorann agus moltar cuir chuige nua agus réitigh bheartais.

Sláinte

Tá dúshláin nach beag amach romhainn ó thaobh na sláinte de, ina measc sin oibrithe cúraim sláinte a bheith ag dul i ngainne, fadhbanna soláthair i gcás táirgí íocshláinte criticiúla, neamhionannais sláinte, agus galair ainsealacha agus fadhbanna meabhairshláinte a bheith ag éirí níos líonmhaire. Agus an tAontas Sláinte Eorpach á thógáil, ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin d’fhonn athléimneacht na sochaí agus uathriail straitéiseach a áirithiú.

Talmhaíocht

Ná fágaimis na ceantair thuaithe ar lár. Beidh Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) láidir ríthábhachtach don Aontas, is é sin dá athléimneacht, dá inbhuanaitheacht, dá iomaíochas, do neamhspleáchas agus slándáil a sholáthair bia agus don chosaint dá fheirmeoirí.  Ní mór an ról atá ag na réigiúin a neartú agus acmhainní leordhóthanacha a chinntiú chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán atá roimh earnáil na talmhaíochta, chun cuidiú leis na feirmeoirí siúd is mó atá ag streachailt agus chun tacú leis an aistriú chuig an bhfeirmeoireacht inbhuanaithe.

Slándáil  

Tá muintir na hEorpa agus an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le bagairtí atá de shíor ag athrú, bagairtí a ngabhann an-chuid tosca éagsúla leo. An ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, más i ndáil le teannas geopholaitiúil é nó le tubaistí nádúrtha, sin rud ríthábhachtach. Ní mór peirspictíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a léiriú go hiomlán i mbeartais an Aontais ionas gur féidir leo a bheith éifeachtach ar an láthair.  

Cuireann CnaR i bhfáth go dtacaíonn sé gan stad gan staonadh le cathracha agus réigiúin na hÚcráine, mar is léir ón gComhghuaillíocht ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine. 

Na hilmheáin