Tréimhsí oiliúna
An bhfuil sé tábhachtach duit go gcuirfí na réaltachtaí áitiúla agus réigiúnacha san áireamh ar an leibhéal Eorpach? An gcreideann tú go bhfuil gá le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais? Más spéis leis an méid sin, féach ar na cláir oiliúna a chuireann Coiste na Réigiún ar fáil. Is deis ar leith é seo duit chun dul i dtaithí ar an obair in institiúid atá dinimiciúil agus duinelárnach.
Ar an leathanach seo
Tréimhsí oiliúna Cicero
I do cháil mar oiliúnaí i gCoiste na Réigiún, gheobhaidh tú taithí phearsanta ar dhinimic institiúide ilteangaí agus ilnáisiúnta. Beidh tú mar chuid de ghrúpa beag oiliúnaithe, mar sin ní hamháin go mbeidh tú in ann oibriú ar réimse leathan de ghnéithe beartais an Aontais, ach beidh deis ar leith agat imeacht a chruthú as do stuaim féin!
A bhuí leis an scéim uathúil YFactor, is féidir le hoiliúnaithe obair thionscadail a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá ábhartha do réigiúin agus do chathracha na hEorpa. Is cuma cé acu ar chomhdháil, ar phodchraoladh nó ar ríomhleabhar a oibreoidh tú, mar oiliúnaí leis an gCoiste, spreagfar thú chun do chuid cruthaitheachta a úsáid d’fhonn dúshláin a shárú.
Tréimhsí oiliúna Cicero i mbeagán focal
- 5 mhí
- Lánaimseartha / 40 uair an chloig sa tseachtain
- Ionad oibre sa Bhruiséil, an Bheilg
- Íocfar thú trí dheontas (thart ar EUR 1 493 / in aghaidh na míosa)
- Do rogha féin idir na trí roinn i gCoiste na Réigiún
- Beidh liúntas taistil agus soghluaisteachta ar fáil duit
- Beidh cumhdach árachais sláinte roghnach duit
- Íocfar árachas tionóisce duit
Féilire
Seisiún an earraigh: an 16 Feabhra go dtí an 15 Iúil
An tréimhse iarratais: ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair (meán lae / 12:00, am na Bruiséile) an bhliain roimhe.
Réamhroghnúchán agus agallaimh: Samhain
Roghnúchán: Nollaig
Seisiún an fhómhair: an 16 Meán Fómhair go dtí an 15 Feabhra
An tréimhse iarratais: ón 6 Eanáir go dtí an 31 Márta (meán lae / 12:00, am na Bruiséile) den bhliain chéanna réamhroghnú agus agallaimh:
Réamhroghnúchán agus agallaimh: Bealtaine
Roghnúchán: Meitheamh
Tabhair faoi deara: moltar duit d’iarratas a chur isteach píosa beag roimh an spriocdháta ós rud é go bhféadfadh sé go bhfágfadh trácht ard sonraí nach sroichfeadh d’iarratas sinn in am. Ní féidir linn glacadh le haon iarratas nár seoladh in am, ná nár cuireadh isteach go leictreonach.
Cé atá á lorg againn?
- Saoránaigh AE
- Is féidir le saoránaigh ó thríú tíortha (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) iarratas a dhéanamh freisin, agus féadfar iad a roghnú i gcásanna eisceachtúla, go háirithe más spéis ar leith do Choiste na Réigiún a n-iarrthóireacht agus má chomhlíonann siad na ceanglais faoin dlí náisiúnta inimirce maidir le cónaí agus oibriú go dleathach sa Bheilg
- Céimithe ollscoile a bhfuil céim acadúil fochéime iomlán bainte amach acu, nó a bhfuil an tríú bliain ar a laghad den ardoideachas (ollscoil nó a comhionann) críochnaithe acu faoin dáta deiridh chun iarratais a chur isteach
- Iarrthóirí atá líofa i dteanga amháin de chuid an Aontais agus a bhfuil eolas sásúil acu ar an mBéarla nó ar an bhFraincis
Ní ghlacfar le hiarrthóirí a bhfuil níos mó ná 8 seachtaine de shocrúchán inmheánach déanta acu cheana féin (bíodh an socrúchán íoctha nó neamhíoctha) in institiúid, comhlacht, toscaireacht nó oifig buanionadaíochta de chuid an Aontais nó a raibh aon chineál fostaíochta acu in institiúid nó comhlacht Eorpach.
Conas iarratas a dhéanamh?
- Roghnaigh an roinn is fearr leat de chuid Choiste na Réigiún (is féidir suas le 3 cinn acu a roghnú)
- Déan deimhin de go líonann tú isteach na réimsí éigeantacha, ná tabhair ach an t-eolas ceart agus féach siar ar an iarratas sula gcuirfidh tú isteach é
Tabhair faoi deara:
- Beidh tú fós in ann athruithe a dhéanamh ar d’fhoirm roimh sprioc-am na n-iarratas.
- I gcás ina n-úsáidtear ráitis bhréagacha, diúltófar don iarratas nó cuirfear an tréimhse oiliúna ar ceal.
- Níl cead agat ach iarratas amháin a chur isteach in aghaidh na tréimhse oiliúna.
Cuairteanna staidéir
Mic léinn atá ag iarraidh a dtionscadal oibre a thabhairt chun críche, nó atá fiosrach faoin gcaoi a gcuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha le reachtaíocht an Aontais i réimsí amhail an tSaoránacht, an Comhtháthú, an tAthrú Aeráide, an Soláthar Poiblí agus an tSlándáil, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chuairt staidéir. Is deis iontach iad na cuairteanna staidéir chun eolas a chur ar shainghné gheografach bheartais an Aontais. Thairis sin, le cuairteanna staidéir faightear deis chun an t-ullmhúchán acadúil a threisiú le taithí phearsanta ar an obair a dhéanann comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh
. Ní mór d’iarratasóirí an méid a leanas a dhéanamh chun go nglacfar leo le haghaidh cuairt staidéir:
- cruthúnas a sholáthar ar mhaoiniú ó chomhlacht eile, amhail ollscoil, comhlacht poiblí/príobháideach nó eagraíocht neamhrialtasach, i bhfoirm scoláireachta, deontais, etc.
- nó cruthúnas a sholáthar gur cuid lárnach dá n-oideachas í an chuairt staidéir (mar shampla, má tá an chuairt staidéir ag teastáil mar chuid de thaighde tráchtais nó chun cúrsa staidéir a chur i gcrích)
Cuairteanna staidéir i mbeagán focal
- 1-4 mhí, ach is féidir síneadh suas le 6 mhí a chur leis an gcuairt ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil
- Comhaontaítear an dáta tosaigh leis an iarrthóir
- Obair lánaimseartha / 40 uair an chloig sa tseachtain
- Ionad oibre sa Bhruiséil, an Bheilg
- Ní chuirfear cumhdach árachais sláinte ar fáil
- Íocfar árachas tionóisce duit
Cé atá á lorg againn?
-
Saoránaigh AE
Tabhair faoi deara: féadfaidh saoránaigh ó thríú tíortha (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) iarratas a dhéanamh agus féadfar iad a roghnú i gcásanna eisceachtúla, go háirithe má tá spéis ar leith ag an gCoiste ina iarrthóireacht agus má chomhlíonann siad ceanglais faoin dlí náisiúnta inimirce maidir le cónaí agus oibriú go dleathach sa Bheilg
- Iarrthóirí a bhfuil céim Bhaitsiléara ar a laghad a bheith acu (nó leath shraith céime Baitsiléara a bheith críochnaithe acu ar céim í a mheastar a bheith ábhartha d’obair Choiste na Réigiún);
- Iarrthóirí atá líofa i dteanga amháin de chuid an Aontais agus a bhfuil eolas sásúil acu ar an bhFraincis nó ar an mBéarla
Arna iarraidh sin, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Cóip inléite de do phas nó de do chárta aitheantais
- Cruthúnas ar chumhdach éigeantach árachais sláinte le haghaidh na cuairte staidéir ar fad
- Cóip de dhioplóma an Bhaitsiléara nó teastas lena bhfianaítear gur chríochnaigh tú, ag tús na cuairte staidéir, leath ar a laghad den timthriall oiliúna a bhaineann le céim Bhaitsiléara a mheastar a bheith ábhartha do ghníomhaíochtaí Choiste na Réigiún
- Cóipeanna de chruthúnas ar thaithí ghairmiúil atá luaite i d’iarratas
Cuairteanna staidéir le haghaidh oifigigh rialtais
Féadfaidh baill foirne nó oiliúnaithe ó údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit iarratas a dhéanamh ar an scéim agus féadfaidh siad deis a thabhairt do Choiste na Réigiún agus d’institiúid fostaíochta an oifigigh araon feabhas a chur ar an gcomhar agus deiseanna líonraithe eatarthu. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go bhfaigheadh oifigigh atá rannpháirteach i scéim den sórt seo deis chun léargas a fháil ar an obair a dhéanann Coiste na Réigiún, sin agus a gcuid scileanna, inniúlachtaí agus eolais a fhorbairt ag an am céanna.
Cuairteanna staidéir le haghaidh oifigigh rialtais i mbeagán focal
- Idir 2 agus 6 mhí, féadfaidh an Stiúrthóir atá i gceannas ar Acmhainní Daonna síneadh 12 mhí leis an tréimhse sin, ar a mhéad, a údarú
- Comhaontaítear an dáta tosaigh leis an iarrthóir
- Lánaimseartha / 40 uair an chloig
- Ionad oibre sa Bhruiséil, an Bheilg
- Gan phá, cumhdóidh an rannpháirtí nó an t-údarás seolta na costais ar fad
- Beidh árachas tionóisce clúdaithe ag Coiste na Réigiún
Cé a fhéadfaidh cur isteach ar na cuairteanna staidéir sin?
-
Baill foirne nó oiliúnaithe ó údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit den Aontas
Tabhair faoi deara: féadfaidh saoránaigh ó thríú tíortha (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) iarratas a dhéanamh agus féadfar iad a roghnú i gcásanna eisceachtúla, go háirithe má tá spéis ar leith ag Coiste na Réigiún ina iarrthóireacht agus má chomhlíonann siad ceanglais faoin dlí náisiúnta inimirce maidir le cónaí agus oibriú go dleathach sa Bheilg
- Iarrthóirí a bhfuil céim Bhaitsiléara ar a laghad acu (nó a bhfuil leath an timthrialla de chéim Bhaitsiléara curtha i gcrích acu a mheastar a bheith ábhartha d’obair Choiste na Réigiún)
- Iarrthóirí a oibríonn i bpost ar leibhéal agus le hábhar a chomhfhreagraíonn do dhualgais fhoireann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na Réigiún
- Sáreolas ar an bhFraincis nó ar an mBéarla
Arna iarraidh sin, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Deimhniú fostaíochta ón údarás seolta agus a chomhaontú siúd maidir le cuairt staidéir ar Choiste na Réigiún
- Cruthúnas ar chumhdach éigeantach árachais sláinte do thréimhse iomlán na cuairte staidéir
- Cóipeanna de dhioplómaí ábhartha agus/nó de theastais oifigiúla ábhartha atá luaite i d’iarratas
- Cóipeanna de chruthúnas ar thaithí ghairmiúil atá luaite i d’iarratas
Conas iarratas a dhéanamh?
- Roghnaigh an roinn is fearr leat de chuid Choiste na Réigiún (is féidir suas le 3 cinn acu a roghnú)
- Déan deimhin de go líonann tú isteach na réimsí éigeantacha, ná tabhair ach an t-eolas ceart agus féach siar ar an iarratas sula gcuirfidh tú isteach é
Tabhair faoi deara:
i gcás ina n-úsáidtear ráitis bhréagacha, diúltófar don iarratas nó cuirfear an tréimhse oiliúna ar ceal.
Níl cead agat ach aon iarratas amháin a chur isteach.
Teistiméireachtaí
‘Fad a bhí mé ag obair mar Oiliúnaí Idirchaidrimh leis an Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus Airgeadais, chuidigh an obair go mór liom chun caidreamh a dhéanamh leis na hoiliúnaithe eile. A bhuí leis an teagmháil leanúnach shóisialta agus ghairmiúil sin, cuireadh ar mo shúile dom go glé go bhfuil an t-aos óg fíor-riachtanach don Aontas: is mór an gealladh atá fúinn agus is mian linn Eoraip níos fearr a chruthú do chách.’
NoemI Signorelli, Stiúrthóireacht E - Acmhainní Daonna agus Airgeadas; Aonad E3 - Dálaí oibre agus bainistíocht tallainne
‘Níor shíl mé riamh go bhféadfá (más innealtóir thú) an ról foirfe a aimsiú duit féin in institiúidí an Aontais, go háirithe i gCoiste na Réigiún. Ní hamháin gur chruthaigh agus gur bhainistigh mé tionscadal as mo stuaim féin, ach rinne mé naisc freisin agus d’fhág mé rian nach beag ar an bhfoireann. Ar an mbealach sin, foghlaimeoidh tú féin faoin obair a dhéanann institiúid phoiblí, agus tiocfaidh tú in inmhe go pearsanta agus go gairmiúil i dtimpeallacht idirnáisiúnta atá an-éagsúil’.
Albert Nicolas Lopez , Stiúrthóireacht IIT - Nuálaíocht agus Teicneolaíocht na Faisnéise
‘B’eispéireas an-tairbheach agus sásúil é an tréimhse oiliúna a rinne mé i gCoiste na Réigiún, óir ba chodanna ríthábhachtacha di an fhoghlaim leanúnach, braistint dhomhain na daonnachta agus an rannpháirtíocht ghníomhach. Dá gcaithfinn cur síos a dhéanamh ar an taithí a fuair mé i mbeagán focal, is iad fás, tuiscint agus rannpháirtíocht na focail a roghnóinn’.
Marta Gonzalez Barragan, Stiúrthóireacht E - Acmhainní Daonna agus Airgeadas; Aonad EI - Úsáid Straitéiseach Acmhainní, Riarachán Cliste