Tionscadal de chuid [Y] Factor: Tithíocht don Óige, Tithíocht duitse (Housing for You[th])

Is éard atá i dtionscadal [Y] Factor oiliúnaithe fhómhar 2025 Choiste na Réigiún ná taispeántas dar teideal ‘Tithíocht don Óige, Tithíocht duitse’ [Housing for You[th]]. Is éard is aidhm don taispeántas seo aird a tharraingt ar an ngéarchéim thithíochta san Aontas trí ardán a thabhairt do ghuthanna óga, an dea-chleachtas a thaispeáint, agus ceannaireacht áitiúil agus réigiúnach a nascadh le taithí saol.

© European Union / Giedrė Daugėlaitė

Ar an leathanach seo

Achoimre ar an tionscadal

Sa taispeántas de chuid [Y] Factor dar teideal ‘Tithíocht don Óige, Tithíocht duitse’, tarraingíodh aird ar na dúshláin tithíochta atá roimh dhaoine óga ar fud na hEorpa. Díríodh ann ar chúig phríomhthéama ar leith, mar atá an inacmhainneacht, caighdeáin mhaireachtála, brúnna turasóireachta, dúshláin tuaithe agus an t-idirdhealú. Mar chuid den tionscadal seo, rinneamar taighde ar an gcúig phríomhthéama agus bhailíomar sonraí agus samplaí den dea-chleachtas ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha mar aon le teistiméireachtaí ó dhaoine óga a bhfuil taithí phearsanta acu ar an ábhar. Cuireadh sonraí, teistiméireachtaí agus réitigh i láthair ar bhealach inléite sothuigthe sa taispeántas a bhí le feiceáil in Foyer 5, i bhfoirgneamh JDE ón 2 go dtí an 11 Feabhra. Ag seoladh an taispeántais an 3 Feabhra, iarradh ar chuairteoirí foghlaim faoin tionscadal, smaointe a mhalartú agus a ndearcthaí a roinnt maidir leis an tithíocht don óige san Aontas. Lena chois sin, an obair a bhí ina bunús leis an taispeántas, roinneadh í ar na meáin shóisialta, chun dul i gcionn ar phobal níos leithne agus chun rannpháirtíocht a spreagadh. 

Leagan amach

Cuireadh an taispeántas i láthair ar bhealach mealltach, céim ar chéim, inar leagadh béim ar ghéarchéim na tithíochta ach inar léiríodh roinnt léasacha dóchais freisin. An chéad rud a bhí le feiceáil acu siúd a bhí i láthair ná cláir eolais a raibh sonraí comparáideacha, dea-chleachtas ó réigiúin ar fud na hEorpa agus faisnéis chomhthéacsúil ar gach ceann de na príomhthéamaí curtha i láthair orthu. Ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht preab a bhaint as an gcuairteoir trí bhíthin físeán inar cuireadh ceisteanna agus inar tugadh léargas ar shonraí a bhain an bonn de na míthuiscintí coitianta agus a thug lón machnaimh go leor. An chéad rud eile, roinneadh cúig theistiméireacht ó dhaoine óga ar scáileán ingearach, a léargas pearsanta féin ar an ngéarchéim thithíochta á thabhairt ag gach ceann acu. Tháinig deireadh leis an taispeántas ag balla moltaí, rud ar arbh fhéidir le cuairteoirí nótaí a ghreamú chun a smaointe a roinnt, agus bhí cód QR ar fáil le hachoimre ar an taighde a thabhairt dóibh siúd ar spéis leo an scéal a chíoradh a thuilleadh fós. Cuireadh an t-ábhar i láthair freisin i bpostálacha agus reels ar Instagram chun dul i bhfeidhm ar an dream óg. 

Torthaí

Ba le fáiltiú chun aird a tharraingt ar an tionscadal a seoladh an taispeántas an 3 Feabhra, tráth a chuireamar fáilte roimh níos mó ná 130 cuairteoir idir fhoireann na hinstitiúide, chomhaltaí agus chuairteoirí seachtracha. Le linn na hócáide, labhair Uachtarán CnaR, Kata Tüttő, Ardrúnaí CnaR, Petr Blížkovský, Ard-Rúnaí EuroCities, André Sobczak, Ard-Rúnaí Housing Europe, Sorcha Edwards, agus Ceann Oifige UN-HABITAT san Aontas Eorpach, Dyfed Aubrey. Ba dhíol áthais dúinn fáilte a chur roimh an bhFeisire Eorpach Alícia Homs Ginel freisin, comhalta den Choiste Speisialta um an nGéarchéim Thithíochta san Aontas Eorpach, agus turas ar an taispeántas a thabhairt di. Thug an fáiltiú deis d’oiliúnaithe, do bhaill foirne, do chomhaltaí agus do chuairteoirí seachtracha an tionscadal agus an t-ábhar a phlé le chéile agus naisc nua a chruthú.  

Ina theannta sin, bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh Glenn Micallef, an Coimisinéir Eorpach um Chothroime Idirghlúine, um an Óige agus um Chultúr agus Spórt, agus roimh Rareș Voicu, Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, an 2 Feabhra agus turas ar an taispeántas a thabhairt dóibh. Mar bharr air seo, iarradh orainn an tionscadal a chur faoi bhráid chomhaltaí CnaR i gceithre choimisiún (CIVEX, SEDEC, ENVE agus COTER) agus faoi bhráid na mball foirne ag ASTnet_infopod atá á bhainistiú ag Líonra Cúntóirí CnaR. 

Gailearaí íomhánna