D’iarr ceannairí CnaR agus Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Younous Omarjee, go mbeadh comhar níos dlúithe ann chun an beartas comhtháthaithe agus ról na réigiún sa chéad bhuiséad eile de chuid…
Is iad atá i gComhdháil na nUachtarán an tUachtarán, an chéad Leas-Uachtarán agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Ullmhaíonn Comhdháil na nUachtarán obair an Choiste agus éascaíonn sí teacht ar chomhdhearcadh polaitiúil faoi na cinntí atá le déanamh ag comhlachtaí eile an Choiste (an Tionól Iomlánach, an Biúró, agus na coimisiúin).
Tagann Comhdháil na nUachtarán le chéile roimh chruinnithe uile an Bhiúró, de ghnáth ar an lá céanna. Eagraítear cruinnithe urghnácha sa Bhruiséil nó thar lear freisin, go háirithe dhá uair sa bhliain sa Bhallstát a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige.
Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta de na daoine seo a leanas:
Féadfaidh comhalta eile as a ngrúpa ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.
Pléifidh Comhdháil na nUachtarán aon cheist a chuirfidh an tUachtarán faoina bráid d’fhonn a ullmhú agus a éascú teacht ar chomhdhearcadh polaitiúil ar chinntí atá le glacadh ag comhlachtaí eile an Choiste. Ba cheart don Uachtarán, sa teachtaireacht uaidh nó uaithi chuig an mbiúró, tuairisc a thabhairt ar na pléití a tharla ag cruinniú Chomhdháil na nUachtarán.
Fearacht an Uachtaráin agus an bhiúró, tá téarma dhá bhliain go leith ag Comhdháil na nUachtarán.