Comhdháil maidir leis an gcumarsáid phoiblí
Is é EuroPCom, an Chomhdháil Eorpach maidir leis an gCumarsáid Phoiblí, an chomhdháil bhliantúil agus an t-imeacht líonraithe do shaineolaithe i réimse na cumarsáide as údaráis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, agus as gníomhaireachtaí príobháideacha cumarsáide, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an lucht acadúil.
Is an chomhdháil bhliantúil Eorpach is mó í do shaineolaithe sa chumarsáid phoiblí agus meallatar léi na céadta gairmithe cumarsáide ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin gach bliain. Is é Coiste Eorpach na Réigiún a eagraíonn EuroPCom i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa, le Comhairle an Aontais Eorpaigh, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, leis an mBanc Ceannais Eorpach, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, le Club na Veinéise agus le VUB.
Cén fáth ar cheart páirt a ghlacadh in EuroPCom?
Is deis iontach atá in EuroPCom le cloisteáil faoi na treochtaí is déanaí agus faoi na hábhair atá i mbéal an phobail, chun eolas a fháil ar na smaointe agus na tionscnaimh nua atá ar bun ag daoine, agus chun bualadh le saineolaithe cumarsáide eile san earnáil phoiblí.
An bhfuil aon chostas i gceist le EuroPCom nó an gá dom ticéad a cheannach?
Tá sé go hiomlán saor in aisce páirt a ghlacadh in EurpPCom ach is gá clárú dó.
An ndéantar seisiúin EuroPCom a thaifeadadh?
Déantar an chuid is mó de na seisiúin a thaifeadadh, agus tá na físeáin ar fáil ar leathanaigh imeachtaí EuroPCom.