An Coimisiún um Acmhainní Nádúrtha

Coimisiún NAT

Faoi Choimisiún NAT tagann méaraí, comhairleoirí agus uachtaráin réigiúnacha le chéile chun réimse leathan ábhar a phlé a bhaineann le forbairt tuaithe, sláinte, talmhaíocht, foraoiseacht, iascach, cosaint shibhialta, cosaint tomhaltóirí agus turasóireacht.

© Pand P Studio / Adobe stock.com

Ar an leathanach seo

Buaicphointí

An obair a dhéanaimid

Comhordaíonn an Coimisiún um Acmhainní Nádúrtha (NAT) obair reachtach CnaR ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis an mbeartas talmhaíochta, an beartas bia, an fhorbairt tuaithe, an chosaint shibhialta, an tsláinte phoiblí, an fhoraoiseacht, an turasóireacht, cosaint tomhaltóirí, an beartas muirí (an geilleagar gorm agus an t-iascach) an bithgheilleagar agus ithreacha.

Todhchaí na talmhaíochta agus an bhia

Díríonn Coimisiún NAT ar roinnt príomhréimsí a bhaineann le todhchaí na talmhaíochta agus an bhia. Feidhmeoidh an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún Eorpach mar threoir pholaitiúil do na tograí reachtacha maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027. Iarrfaidh Coimisiún NAT go gcuirfí a mholtaí san áireamh sna tograí reachtacha a bheidh ann amach anseo, agus leagfaidh sé béim ar ghné réigiúnach an bheartais.

Tá Coimisiún NAT tiomanta do bhealaí a aimsiú chun athléimneacht na gcóras bia áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú, agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn laistigh den slabhra soláthair agraibhia ag an am céanna. Molann sé úsáid a bhaint as uirlisí amhail soláthar poiblí bia, slabhraí soláthair níos giorra, agus scéim scoile an Aontais chun geilleagair réigiúnacha a neartú.

An athléimneacht 

Is éard atá i gceist le hathléimneacht a bheith in ann suaitheadh a réamh-mheas, ullmhú dó agus teacht slán as, sin agus foghlaim uaidh san am céanna chun ullmhú d’aon cheann eile a bheidh ann ina dhiaidh. Tuigtear anois do na cathracha agus na réigiúin cé chomh leochaileach agus is féidir leo a bheith ó thaobh cobhsaíochta agus dea-bhaile de, rud a thug siad faoi deara tar éis, cuir i gcás, phaindéim COVID-19, na gcogaí san Úcráin agus sa Mheánoirthear, imeachtaí adhaimsire, agus tuilleadh eile. Tá sé tugtha chun léire gurb é an dúshlán is tábhachtaí atá le sárú ag ceantair thuaithe, cathracha agus réigiúin na hEorpa a bheith ullmhaithe do ghéarchéimeanna agus a bheith in ann déileáil leo agus téarnamh uathu. 

Díreoidh Coimisiún NAT a aird pholaitiúil ar athléimneacht agus ullmhacht na gceantar tuaithe, na gcathracha agus na réigiún. Ar fud réimsí beartais uile Choimisiún NAT, féachfar ar cheist na leochaileachtaí – agus ar bhealaí le hiad a réiteach – chun an cuspóir uileghabhálach a bhaint amach: ár gcríocha a dhéanamh níos láidre agus níos ullmhaithe chun géarchéimeanna a sheasamh agus a shárú.

Deais Leochaileachta

Is uirlis idirghníomhach í an deais leochaileachta a d’iarr CnaR agus a d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh. Tá cúig ghné san ionstraim táscaire leochaileachta (gné shóisialta, eacnamaíoch, pholaitiúil, chomhshaoil agus fhisiciúil) agus is é is aidhm di tuiscint a fháil ar leochaileacht na hEorpa i leith tubaistí, is é sin a leochailí atá sí a thomhas agus faireachán a dhéanamh uirthi. Déanann an uirlis monatóireacht ar leibhéil chomh fada síos le NUTS3 agus déanann sí na rioscaí a thomhas le himeacht ama. Uirlis chabhrach atá inti do lucht déanta beartas go háirithe nuair a bhíonn cinntí le déanamh acu maidir le gníomhaíochtaí chun athléimneacht a bpobal i leith tubaistí a fheabhsú.

Leagtar amach sa mhapa scéalaScéalta Ratha ó bheith ag Infheistiú san Athléimneacht ó Thubaistí’ cúig shampla de dhea-chleachtais spreagúla a léiríonn an chaoi a bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha fud fad na hEorpa ag infheistiú go héifeachtach san athléimneacht ó thubaistí.

Gradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach 

Tá Coimisiún NAT rannpháirteach freisin in eagrú ghradaim an Aontais maidir le táirgeadh orgánach in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, COPA-COGECA agus IFOAM Organics Europe. Is deis iad na gradaim sin aitheantas a thabhairt d’obair na ngníomhaithe éagsúla sa slabhra orgánach a rannchuidíonn le tionchar na talmhaíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú.

An nuacht is déanaí

Comhaltaí an Choimisiúin

Imeachtaí atá ar na bacáin

Imeachtaí atá thart

Na hilmheáin

Staidéir agus foilseacháin

Grianghraif

Doiciméid