Molann Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) dá chomhaltaí Idirphlé Áitiúil AE a eagrú leis na saoránaigh ina dtoghcheantair féin. Tacaíonn CnaR lena chomhaltaí agus lena chomhaltaí malartacha a eagraíonn Idirphlé Áitiúil AE le liúntas for-rochtana ar ráta comhréidh, chomh maith le tacaíocht bhreise cumarsáide agus cur chun cinn, má iarrtar sin.
Leis an Idirphlé Áitiúil AE, is áil linn an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh trí ábhair a ardú a bhfuil baint dhíreach acu leis na pobail áitiúla, agus cuspóir foriomlán straitéiseach na mbeartas éagsúil AE a thabhairt chun cinn freisin.
Más mian leat páirt a ghlacadh in Idirphlé Áitiúil AE, is féidir a sheiceáil anseo an bhfuil comhalta as do réigiún féin le ceann a eagrú go luath.