Idirphlé Áitiúil AE a eagrú

Tacaíonn CnaR le comhaltaí agus le comhaltaí malartacha dá chuid a eagraíonn Idirphlé Áitiúil AE trí liúntas for-rochtana ar ráta comhréidh a chur ar fáil dóibh, chomh maith le tacaíocht bhreise cumarsáide agus cur chun cinn, má iarrtar sin.

Ar an leathanach seo

Comhaltaí CnaR ar mian leo iarratas a dhéanamh ar thacaíocht agus Idirphlé Áitiúil AE á eagrú acu ina dtoghcheantar féin, iarrtar orthu an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh.     

Roghanna tacaíochta

  • Áirítear sa tacaíocht liúntas for-rochtana ar ráta comhréidh dar luach EUR 1 400 agus is féidir leis na comhaltaí an liúntas sin a úsáid chun íoc as cibé formáid den idirphlé áitiúil a roghnaíonn siad a eagrú;
  • Is féidir le comhaltaí atá rannpháirteach mar chainteoirí in Idirphlé Áitiúil AE an liúntas cruinnithe caighdeánach a éileamh freisin;
  • An t-imeacht a chur chun cinn agus teagmháil a dhéanamh le Polaiteoirí Tofa Óga de chuid Choiste Eorpach na Réigiún agus le Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh;
  • Cruthófar leathanach gréasáin le haghaidh an imeachta ar shuíomh gréasáin CnaR agus ar an sruthú gréasáin (más infheidhme);
  • Tacaíocht maidir leis na meáin shóisialta agus an preas (más infheidhme);
  • Amharcbhrandáil.

Iarratas a dhéanamh

Coinníollacha

  • Is iad comhaltaí agus comhaltaí malartacha CnaR amháin atá incháilithe chun tacaíocht Idirphlé Áitiúil AE a fháil;
  • Níor cheart an t-imeacht a reáchtáil níos lú ná mí amháin roimh thoghchán, lena n-áirítear toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ná tréimhse níos sia ná sin má tá cosc ar a leithéid faoi na dlíthe náisiúnta ábhartha atá i bhfeidhm faoi láthair. Ní bheidh feidhm ag an srian sin ach amháin sa Bhallstát, sa réigiún agus/nó sa bhardas lena mbaineann;
  • Tá gach formáid imeachtaí incháilithe le haghaidh tacaíochta (imeachtaí digiteacha, imeachtaí i bpearsa, imeachtaí hibrideacha);
  • Ba cheart an t-iarratas a chur isteach 10 lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe don imeacht.
  • Ní mór fíorghné Eorpach a bheith ag baint le hIdirphlé Áitiúil AE agus ní mór an éagsúlacht pholaitiúil agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn freisin.

Nós imeachta

  1. Ní mór iarratais a dhéanamh ar líne;
  2. Téann rúnaíocht an Choiste i dteagmháil leis na heagraithe trí ríomhphost chun an t-iarratas, an tacaíocht a iarradh agus na chéad chéimeanna eile a dheimhniú leo;
  3. Ní mór do na heagraithe tuarascáil ar an imeacht a chur isteach laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh an imeachta.

Doiciméid