Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine
Sheol CnaR agus comhpháirtithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ón Aontas agus ón Úcráin an Chomhghuaillíocht sin i mí an Mheithimh 2022 chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine.
Déanann CnaR rúnaíocht na Comhghuaillíochta a óstáil agus eagraíonn sé imeachtaí, ceardlanna agus comhdhálacha thar a ceann. Is í rannpháirtíocht bhliantúil na Comhghuaillíochta sna Comhdhálacha Idirnáisiúnta maidir le Téarnamh na hÚcráine an buaicphointe polaitiúil sna comhdhálacha ina roinntear moltaí comhpháirteacha ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na hÚcráine.
Meitheal CnaR um an Úcráin
Is éard a dhéanann an Mheitheal an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a neartú trí chomhaltaí CnaR, na hinstitiúidí Eorpacha agus ionadaithe ó chathracha, ó réigiúin agus ó údaráis áitiúla na hÚcráine a thabhairt le chéile. I bhfianaise na gcinntí tábhachtacha atá déanta ag an Aontas maidir le todhchaí Eorpach na hÚcráine, is í an Mheitheal an comhlacht polaitiúil a dhéanann an faireachán ar na forbairtí san Úcráin agus aird ar leith á tabhairt ar athchóiriú an díláraithe, ar fhothú acmhainneachta do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus ar an ailíniú le acquis an Aontais maidir leis an mBeartas Réigiúnach. Is í an Mheitheal a stiúrann gníomhaíochtaí tacaíochta CnaR freisin.
Pacáiste tacaíochta 10 bpointe
Tugann CnaR sraith de bhearta tacaíochta saincheaptha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine cothrom le dáta go rialta, i gcomhthéacs atógáil na hÚcráine agus a haontachas leis an Aontas. Áirítear orthu sin an gealltanas atá ann an ghné áitiúil agus réigiúnach den Chomhdháil ar Théarnamh na hÚcráine a neartú agus Comhchoiste Comhairliúcháin idir CnaR agus an Úcráin a bhunú. Tá sé d’aidhm aige freisin an abhcóideacht ar son na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a threisiú i bhfianaise an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile de chuid an Aontais, cur le líon na gcomhpháirtíochtaí ar leibhéal na gcathracha agus na réigiún, borradh a chur faoin gcomhar trasteorann, agus dul i dteagmháil le raon níos leithne páirtithe leasmhara, an pobal gnó, cuir i gcás. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach thíos an leagan is déanaí den phacáiste tacaíochta.
Campaí samhraidh le haghaidh leanaí na hÚcráine
Mar thoradh ar iarrachtaí comhpháirteacha Choiste Eorpach na Réigiún, a Chomhaltaí agus Chomhlachas chathracha na hÚcráine, tá deis ag leanaí ón Úcráin saoire a chaitheamh ar a suaimhneas i gcathracha agus i réigiúin éagsúla ar fud na hEorpa.
An clár oiliúna agus intéirneachta ‘Tacaíocht do bhardais agus comhar idirbhardasach na hÚcráine’ (TIPS4UA).
Ceapadh clár TIPS4UA, clár atá á chur chun feidhme ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i gcomhar le U-LEAD with Europe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine.