An obair a dhéanaimid
An tArdán um Malartú Eolais
Déanann coimisiún SEDEC an tArdán um Malartú Eolais (KEP) a bhainistiú i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Thaighde agus Nuálaíocht. Is éard a dhéanann an t-ardán malartú réiteach agus dea-chleachtas taighde agus nuálaíocha a chur chun cinn sna seimineáir a eagraíonn sé sa Bhruiséil agus sna himeachtaí idir piaraí a chuireann sé ar siúl sna réigiúin, agus sna taispeántais a óstálann sé freisin.
Agus KEP bunaithe ar chomhar solúbtha, is féidir idirphlé éifeachtúil a bheith ann le cathracha agus réigiúin na hEorpa maidir le saincheisteanna taighde agus nuálaíochta agus saineolas a mhalartú go héifeachtach idir éiceachórais nuálaíochta áitiúla, ina measc sin gnólachtaí, ollscoileanna agus saoránaigh aonair.
Tar éis ghlacadh an Phlean Gníomhaíochta Chomhpháirtigh i mí na Samhna 2020 le seirbhísí an Choimisinéara Gabriel, rinneadh an tionscadal a uasghrádú go leibhéal straitéiseach. Tá KEP 2.0 ailínithe le tionscnamh athnuaite an Limistéir Eorpaigh Taighde agus nasctha le cur chun feidhme an chláir Fís Eorpach.
An Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach
Faoin bPlean Gníomhaíochta Comhpháirteach, oibríonn coimisiún SEDEC go dlúth leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) ar na Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach. Is é is aidhm do na comhpháirtíochtaí sin a chinntiú, maidir leis na réigiúin atá rannpháirteach iontu, go bhfuil uirlisí agus modheolaíochtaí faoi réir acu chun gur féidir leo a gcuid straitéisí nuálaíochta a ailíniú le cuspóir na hinbhuanaitheachta ar fud réimsí beartais, clár agus cistí.
Comhar feabhsaithe
Bíonn coimisiún SEDEC ag obair go dlúth le Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) freisin ar ábhair éagsúla, mar a chomhaontaigh siad sa Phlean Gníomhaíochta um Chomhar Feabhsaithe. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta sin na príomhréimsí beartais le haghaidh comhar feabhsaithe, amhail an Clár Oibre Scileanna agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus na príomhionstraimí atá le húsáid. Déanann coimisiún SEDEC gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir CnaR agus Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí (EAfA) a bhainistiú freisin. Baineann na gníomhaíochtaí sin le réimsí ar a n-áirítear printíseachtaí, gairmoideachas agus gairmoiliúint.
Is é príomhchuspóir an chomhair an t-idirphlé polaitiúil idir an Coimisiún Eorpach agus rialtais áitiúla agus réigiúnacha AE a threisiú agus i ndeireadh na dála feabhas a chur ar bheartais ábhartha a chothaíonn an fholláine eacnamaíoch agus shóisialta.