Glaonna ar thairiscintí

​​​​​​​​​​​​​Baineann Coiste Eorpach na Réigiún leas as próisis tairisceana agus próisis eile lena chuid oibre a chur i gcrích. Féach an leathanach thíos le teacht ar an bhfaisnéis ábhartha go léir.

Ar an leathanach seo

Glaonna ar thairiscintí tar éis fógra conartha a bheith foilsithe

Mar is féidir cur isteach ar chonradh 

I gcás glaonna ar thairiscintí a fhógraítear tar éis fógra conartha a bheith foilsithe, iarrtar ort na treoracha atá san fhógra conartha agus sna doiciméid soláthair a léamh agus a leanúint.

Conarthaí ar luach íseal agus luach meánach

An dá chineál conartha a leanas a bhronnann Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR), den chuid is mó:

  • Conarthaí ar luach íseal (nach mó ná EUR 60 000 a luach), ar gá do CnaR trí iarratas ar a laghad a lorg lena n-aghaidh, agus 
  • Conarthaí ar luach meánach (ar fiú idir EUR 60 000 agus EUR 143 000 iad), ar gá cúig iarratas ar a laghad a lorg lena n-aghaidh.

Lena chois sin, is minic a fhógraítear nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe le haghaidh conarthaí ar luach meánach nó luach íseal.

Mar is féidir cur isteach ar chonarthaí ar luach íseal agus luach meánach

Má theastaíonn uait cur isteach ar a leithéid de chonradh, iarrtar ort ríomhphost a sheoladh chugainn leis an eolas a leanas ann: ábhar na tairisceana, mar aon le hainm, seoladh agus sonraí teagmhála do chuideachta.

Ba cheart an t-iarratas a sheoladh chuig:

  • procurement-pgfc@cor.europa.eu,, sa chás gurb é seoltóir an nós imeachta le haghaidh conradh ar luach íseal nó luach meánach an Stiúrthóireacht um Lóistíocht, Stiúrthóireacht an Aistriúcháin nó an Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht na Faisnéise
  • COR-Marches-Publics@cor.europa.eu, sa chás gurb é seoltóir an nós imeachta le haghaidh conradh ar luach íseal nó luach meánach ceann de na stiúrthóireachtaí eile

Conarthaí arna mbronnadh

De réir Airteagal 166 den Rialachán Airgeadais agus phointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, tá ceangal ar Choiste na Réigiún (CnaR) liosta conraitheoirí a fhoilsiú gach bliain. Ní mór ábhar agus luach an chonartha arna bhronnadh a lua go sonrach i gcás na gconarthaí ar mó ná EUR 15 000 a luach. Lena chois sin, caithfear liosta a eisiúint de na conarthaí sonracha a bunaíodh ar na creatchonarthaí a síníodh sa bhliain roimhe.

Conarthaí arna síniú in 2024 ag CnaR: 

            • Liosta na gconarthaí a shínigh CnaR in 2024 ar mó a luach ná EUR 15 000 

            • Liosta na gconarthaí sonracha a bunaíodh ar chreatchonradh a shínigh CnaR in 2024

Conarthaí a shínigh CnaR in 2023: 

            • Liosta de na conarthaí ar mó ná EUR 15 000 a luach a shínigh CnaR in 2023

            • Liosta de na conarthaí sonracha a bunaíodh ar chreatchonradh a shínigh CnaR in 2023

Conarthaí a shínigh CnaR in 2022:

            • Liosta de na conarthaí ar mó ná EUR 15 000 a luach a shínigh CnaR in 2022

            • Liosta de na conarthaí sonracha a bunaíodh ar chreatchonradh a shínigh CnaR in 2022

Séanadh: Gníomh neamhfhoirmiúil is ea foilsiú na faisnéise ar an suíomh seo agus ní ghlactar leis áit an fhoilsithe oifigiúil a dhéantar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Doiciméid