Ráiteas misin
Gach gníomhaíocht pholaitiúil dá ndéanaimid, tá sí bunaithe ar an tuiscint go bhfuil ríthábhacht leis an gcomhar, cibé acu ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil é sin, má táimid chun aontas níos dlúithe agus níos tacúla ar bhonn frithpháirteach a chur ar bun do mhuintir na hEorpa agus chun freagairt do dhúshláin an domhandaithe.
An chaoi a n-oibríonn Coiste na Réigiún?
Tá Coiste na Réigiún comhdhéanta de 329 gcomhalta agus de 329 gcomhalta mhalartacha ó na Ballstáit uile. Déanann gach rialtas náisiúnta a chuid ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla (comhaltaí agus comhaltaí malartacha) a mholadh agus is iad sin na toscaireachtaí náisiúnta. Tá téarma oifige cúig bliana ag comhaltaí Choiste na Réigiún, ag tosú ar dháta a gceaptha go hoifigiúil ag an gComhairle.
Déanann sé choimisiún (fochoistí), comhdhéanta de chomhaltaí agus á ngrúpáil de réir réimsí polaitiúla, na téacsanna reachtacha arna ndréachtú ag an gCoimisiún Eorpach a anailísiú agus tuairimí a tharraingt suas, a ndéantar plé orthu ina dhiaidh sin agus a ghlactar ag seisiúin iomlánacha Choiste na Réigiún.
Gach dhá bhliain go leith, toghann an Tionól Iomlánach Uachtarán CnaR agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an gCoiste. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCoiste agus stiúrann sé/sí obair an Choiste. Mura bhfuil an tUachtarán i láthair nó mura bhfuil sé/sí in ann a bheith i láthair, déanfaidh an Chéad Leas-Uachtarán nó duine eile de na leas-uachtaráin ionadaíocht thar ceann an Uachtaráin.
Cén sórt reachtaíochta a phléitear?
Ní mór don Choimisiún Eorpach agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh dul i gcomhairle leis an gCoiste aon uair a dhéantar tograí nua i réimsí a mbíonn tionchar acu ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil: comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, Cistí Struchtúracha, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas, an t-aos óg, gairmoiliúint, cultúr agus spórt, an comhshaol, fuinneamh agus athrú aeráide, iompar, gréasáin thras-Eorpacha, agus sláinte phoiblí.
Lasmuigh de na réimsí sin, is ar bhonn roghnach a théann an Coimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i gcomhairle leis an gCoiste. Glacann an Coiste moltaí maidir le dréachtdlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh agus molann sé freisin beartais nua ar bhonn taithí agus saineolas áitiúil agus réigiúnach. Féadfaidh sé dlíthe nua a mholadh agus saincheisteanna nua a chur ar chlár oibre an Aontais.
Rinneadh ról Choiste na Réigiún a aithint agus a neartú le Conradh Liospóin in 2009. Ní foláir dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún ag gach céim de phróiseas reachtach an Aontais agus is féidir leis reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais má mheastar dó go bhfuil faillí déanta i gcearta institiúideacha an Choiste nó i leasanna na rialtas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Dá bhrí sin, cuireadh dlús leis an gcaidreamh atá ag Coiste na Réigiún leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
Idirphlé agus comhar trasteorann a chur chun cinn
Déanann an Coiste comhairliúcháin a reáchtáil chun ionchur a fháil ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ó shaineolaithe agus ó gheallsealbhóirí eile ionas gur féidir leo a rian féin a fhágáil ar na tuairimí arna moladh ag comhaltaí an Choiste le haghaidh glacadh ar leibhéal an Aontais.
Is éard is grúpaí idir-réigiúnacha ann grúpaí sainleasa comhdhéanta de chomhaltaí a thagann i gceann a chéile chun saincheisteanna a phlé ar bhonn áitiúil/réigiúnach nó uaireanta ar bhonn trasteorann.
Déanann an Coiste roinnt gréasán a chomhordú freisin ionas gur fearr is féidir le réigiúin agus le cathracha dea-chleachtais a mhalartú le chéile, ar an leibhéal Eorpach agus lasmuigh den Aontas Eorpach. Cuir i gcás, léiriú ar a bhfuil déanta ag an gCoiste i dtaca le beartas comharsanachta an Aontais Eorpaigh is ea Comhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) agus an Comhthionól Eora‑Mheánmhara (ARLEM).
Tá níos mó comhar trasteorann ar siúl ag an gCoiste mar seo a leanas:
- cuidíonn sé le lánpháirtiú na mBallstát nua san Aontas trí na Comhchoistí Comhairliúcháin agus na Grúpaí Oibre, mar a mbíonn an Coiste ag obair i gcomhar le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha ó na tíortha sin atá ag iarraidh a bheith ina mball den Aontas Eorpach
- oibríonn sé i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Comhairle na hEorpa d'fhonn an t-idirphlé polaitiúil leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha san Aontas a neartú
Gníomhaíochtaí i réimsí na monatóireachta, an mheasúnaithe agus an taighde
An meall mór ar deireadh, cuireann an Coiste roimhe
- a chinntiú go mbíonn ról le himirt ag gach leibhéal den rialtas agus go gcuirtear reachtaíocht an Aontais chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach
- measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag tograí reachtacha ón Aontas ar an láthair
- dílárú agus comhpháirtíocht threisithe a chothú ar mhaithe le cinnteoireacht éifeachtach san Aontas
- cur lena phleanáil straitéiseach trí iarracht a dhéanamh teacht roimh dhúshláin agus deiseanna a bheidh ann amach anseo, rud a d'fhéadfadh cuidiú leis an gcinnteoireacht leanúnach.