Cuairteanna
Déanann oifigeach de chuid CnaR cur i láthair ina dtugann sé léargas ginearálta ar an gCoiste agus maireann sé thart ar uair an chloig. Eagraítear cuairteanna ó Luan go Déardaoin ó 9.30 a.m. go 4.30 p.m. agus Dé Aoine ó 9.30 a.m. go 2.30 p.m.
Ba cheart iarrataí a sheoladh chuig an tSeirbhís do Chuairteoirí dhá mhí roimh ré agus ní mór an fhaisnéis seo a leanas a áireamh:
- líon na rannpháirtithe
- cineál an ghrúpa
- eolas ar theangacha
- aois na rannpháirtithe
- sonraí teagmhála cheannaire an ghrúpa (ainm, seoladh, uimhir theileafóin, uimhir facs agus seoladh ríomhphoist)
Bain úsáid as an gceistneoir chun d’iarraidh a chur isteach.
Tabhair do d’aire:
- ba cheart 15 rannpháirtí ar a laghad a bheith sa ghrúpa
- ba cheart do rannpháirtithe a bheith 14 bliana d’aois ar a laghad
is féidir cuairteanna fíorúla a eagrú.
Cuairt a thabhairt ar na hInstitiúidí Eorpacha
De bhreis ar na cuairteanna príobháideacha, is féidir cuairt a thabhairt ar na hInstitiúidí Eorpacha éagsúla, CnaR san áireamh, le linn Lá na hEorpa.