Eolas faoin ngradam
Deonaíonn an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM), i gcomhar lena dhlúthpháirtithe agus lena lucht tacaíochta, duais d’fhiontraí óg ar an leibhéal áitiúil ó thír chomhpháirtíochta sa Mheánmhuir. Díríonn an gradam go háirithe ar an nasc idir an fiontraí agus an t-údarás áitiúil nó réigiúnach a chuireann tacaíocht ar fáil dó.
Tá trí chuspóir ag an ngradam:
- sampla rathúil d’fhiontraíocht na hóige i réigiún na Meánmhara a thaispeáint chun daoine óga eile a spreagadh;
- an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha comhpháirtíochta na Meánmhara ar an éiceachóras fiontraíochta a léiriú, agus, ar an gcaoi sin, údaráis áitiúla agus réigiúnacha eile a spreagadh chun fiontraíocht na hóige a chur chun cinn, tacú léi agus í a chothú go gníomhach;
- léiriú a thabhairt ar an gcaoi a nglacann fiontraithe óga i dtíortha comhpháirtíochta na Meánmhara an todhchaí go gníomhach ina lámha féin trí phoist a chruthú agus tionchar dearfach a imirt ar an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil, agus, ar an gcaoi sin, insint dhearfach a fhorbairt.
An Coiste Meastóireachta agus an Giúiré
Tá Coiste Meastóireachta Ghradam ARLEM comhdhéanta d’ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí ar mian leo rathúnas a chothú i réigiún na Meánmhara. Áirítear orthu sin institiúidí Eorpacha agus Eora-Mheánmhara amhail an Coimisiún Eorpach agus Rúnaíocht an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, an Foras Eorpach Oiliúna, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, comhlachais atá ina gcomhaltaí de ARLEM amhail CPRM-CIM agus Medcities, Eurochambres agus an eagraíocht neamhbhrabúsach ANIMA Investment Network. Is é Coiste Eorpach na Réigiún a dhéanann cathaoirleacht air, agus déanann sé measúnú ar na hiarratais a mheastar a bheith incháilithe de réir na gcritéar dámhachtana. Cruthaítear gearrliosta don bhabhta ceannais ar a mbeidh idir triúr agus cúigear iarrthóirí. Cuirtear an liosta sin ar aghaidh chuig an ngiúiré (comhchathaoirleach ARLEM) chun an buaiteoir deiridh a roghnú.
Conas iarratas a dhéanamh?
Ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith i d’fhiontraí óg agus a bheith 35 bliana d’aois nó níos óige;
- tacaíocht a fháil ó údarás réigiúnach nó áitiúil;
- 3 bliana ar a laghad a bheith caite agat ag stiúradh do chuideachta;
- ceanncheathrú a bheith ag do chuideachta i gceann de na tíortha a thaispeántar ar an léarscáil thíos.