Is faoi chathaoirleacht Uachtarán Choiste na Réigiún a bhíonn na seisiúin iomlánacha, agus an méid a leanas de phríomhchuspóir acu:
- tuairimí, tuarascálacha agus rúin a vótáil
- clár polaitiúil Choiste na Réigiún a ghlacadh ag tús gach téarma
- an tUachtarán, an Chéad Leas-Uachtarán agus na comhaltaí eile den Bhiúró a thoghadh
- coimisiúin bheartais a bhunú laistigh den institiúid
- dréachtmheastacháin Choiste na Réigiún maidir le caiteachas agus ioncam a fhormheas
- rialacha Nós Imeachta Choiste na Réigiún a athbhreithniú agus a chomhaontú
Ceapfaidh an coimisiún ábhartha de Choiste na Réigiún duine dá chomhaltaí – dá ngairtear rapóirtéir – chun tuairim a dhréachtú maidir leis an togra reachtach, a ndéanfar vótáil uirthi ina dhiaidh sin i gceann de sheisiúin iomlánacha an Choiste. Má fhaigheann an tuairim tromlach na vótaí ina fabhar (tromlach simplí), glactar í agus tugtar ar láimh d’institiúidí eile an Aontais lena grinnscrúdú tuilleadh.
Féadfaidh Coiste na Réigiún seasamh a ghlacadh go réamhghníomhach freisin i ndáil le saincheist ar leith trí thuairim féintionscnaimh.
Más mian leat seisiún iomlánach a leanúint i bpearsa, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shuaitheantas breathnóra trí chlárú agus foirm chlárúcháin an bhreathnóra a chomhlánú 5 lá ar a laghad roimh thús an tseisiúin iomlánaigh ar leith.