Oifigí réigiúnacha sa Bhruiséil
Bunaíodh oifigí réigiúnacha sa Bhruiséil in 1984 chun ionadaíocht a dhéanamh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, nó ar leasanna grúpálacha cathracha agus réigiún, agus chun tacú lena leasanna ar leibhéal an Aontais.
Cé go bhfuil na hoifigí sin neamhfhoirmiúil ó thaobh na taidhleoireachta de, measann institiúidí an Aontais gur páirtithe leasmhara suntasacha iad. Bíonn siad i dteagmháil le hinstitiúidí an Aontais agus tá ionadaíocht fhoirmiúil ag go leor de na réigiúin trí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR). In 2025, bhí thart ar 200 oifig réigiúnach ann.
Tacaíonn na hoifigí réigiúnacha le hobair na dtoscaireachtaí náisiúnta in CnaR mar aon le comhaltaí aonair CnaR. Bíonn siad rannpháirteach i gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a eagraíonn institiúidí an Aontais, agus eagraíonn siad féín go leor imeachtaí sa Bhruiséil, go háirithe le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.
Suaitheantais rochtana ar CnaR agus ar an gCoimisiún Eorpach d’fhoireann na n-oifigí réigiúnacha
Tá CnaR freagrach as suaitheantais a eisiúint d’fhoireann na n-oifigí réigiúnacha, chun rochtain (a athnuaitear go bliantúil) a thabhairt dóibh ar áitreabh CnaR agus an Choimisiúin Eorpaigh. Is féidir go mbeidh ceart ag ionadaithe ó thíortha nach de chuid an Aontais iad ar shuaitheantais rochtana freisin.
Más ionadaí den oifig réigiúnach thú agus más mian leat suaitheantas rochtana a fháil, déan teagmháil le Clárlann CnaR.
Liosta teagmhálaithe na nOifigí Réigiúnacha
Tá liosta na n-oifigí réigiúnacha creidiúnaithe ann, oifigía bhí sásta a gcuid sonraí teagmhála a chur ar fáil don phobal. Is féidir é a íoslódáil thíos.