An obair a dhéanaimid
Tá an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) freagrach as obair a dhéanamh ar bheartais an aistrithe ghlais, rud a dhéanann na rapóirtéirí agus a gcuireann rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhaltaí ar an láthair leis. Cuireann an méid sin ar chumas CnaR an ról comhairleach atá aige a chomhlíonadh go hiomlán i bpróiseas reachtach agus polaitiúil ábhartha an Aontais.
An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil
Is tionscnamh suaitheanta de chuid Choiste Eorpach na Réigiún an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, agus is éard is aidhm dó na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár aistriú an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta.
Mar chuid den tosaíocht a bhaineann leis an ‘athléimneacht’ atá ag CnaR, is feachtas rannpháirtíochta agus cumarsáide polaitiúil é an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil atá ar siúl ó 2020 i leith.
An Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil
Is meitheal pholaitiúil í an Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil ina bhfuil 14 cheannaire áitiúla agus réigiúnacha agus atá faoi chathaoirleacht Markku Markkula (FI/PPE), Comhalta de Chomhairle Cathrach Espoo. Cuireann an mheitheal aiseolas trasearnálach ar fáil maidir le neart réimsí beartais den aistriú glas, agus tacaíonn sí le cathracha agus réigiúin trí shraith uirlisí cumarsáide agus rannpháirtíochta a chur ar fáil chun a gcuspóirí maidir leis an aistriú glas a bhaint amach.
Ambasadóirí Chúnant na Méaraí
Is é Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh an tionscnamh is mó ar domhan i réimse na ceannaireachta aeráide áitiúla. San Eoraip, feidhmíonn 27 gcomhalta de Choiste na Réigiún mar ambasadóirí náisiúnta atá dírithe ar an tionscnamh a chur chun cinn i ngach Ballstát. Ina theannta sin, déanann comhaltaí ENVE ionadaíocht thar ceann CnaR ar bhoird pholaitiúla an chúnaint ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda.
Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide de chuid CnaR
Tá ról lárnach ag Coimisiún ENVE sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach, is é sin gníomhaíocht áitiúil agus rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh ar mhaithe leis an athrú aeráide a chomhrac agus an tAontas Eorpach a dhéanamh níos inbhuanaithe. Is féidir le comhaltaí CnaR páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo mar Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide de chuid CnaR. Tríd an líonra sin, tacaíonn CnaR leis na hAmbasadóirí imeachtaí áitiúla a reáchtáil chun feasacht a mhúscailt, eolas a roinnt agus dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil.
An Truailliú Nialasach ar an Leibhéal Áitiúil
Tá Coimisiún ENVE i gceannas ar Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh a bhainistiú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Is in 2021 a seoladh an tArdán agus is iad an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún a dhéanann comhchathaoirleacht air. Cuireadh ar bun é chun a raibh curtha rompu acu maidir le truailliú nialasach a bhaint amach trí mheán an idirphlé le gníomhaithe ó phobail éagsúla agus le saineolaithe ar réimsí éagsúla, ina measc sin na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.
Foláireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas
Is éard atá i gceist leis an mbileog eolais faoi chistí an Chomhaontaithe Ghlais ná nuachtlitir mhíosúil ina bhfuil eolas le fáil faoi dheiseanna cistiúcháin agus tionscnaimh a chuireann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Más mian leat a bheith ar an eolas i gcónaí faoin eagrán is déanaí den bhileog eolais, is féidir an fhoirm seo a úsáid chun clárú le nuachtlitir an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil.
Rannpháirtíocht Choimisiún ENVE ar an leibhéal domhanda
Ar an leibhéal domhanda, tá Coimisiún ENVE freagrach as comhordú a dhéanamh ar thoscaireacht CnaR chuig Comhdhálacha na bPáirtithe (COPanna) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC), i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht agus sna cruinnithe mullaigh domhanda maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna).